Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéal a scaipeadh

I do cháil mar shaoránach den Aontas Eorpach, féadfaidh tú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a thosú, sin nó ceann atá ar siúl cheana féin a shíniú nó páirt a ghlacadh ann. 

Féadfaidh tú freisin páirt a ghlacadh tríd an scéal a scaipeadh chun gur fearr aitheanta a bheidh uirlis an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh. Labhair amach agus bain úsáid as do bhealaí cumarsáide chun an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur chun cinn i measc do líonraí féin! 

Ar mhaith leat eolas a fháil faoi conas is féidir leat tosú agus cabhrú chun an scéal a scaipeadh? I Lámhleabhar Abhcóideachta an Tionscnaimh ó na Saoránaigh atá le fáil thíos tugtar comhthéacs, leideanna agus cleasanna i dtaca le teachtaireachtaí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a scaipeadh. 

Is iomaí acmhainn ilteangach atá le fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ar leathanach na n-ábhar cumarsáide – is féidir leat iad a athúsáid nó spreagadh a fháil do do chomhthéacs féin. 

Ar deireadh, féach clár ambasadóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Cuidíonn Ambasadóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun an scéal a scaipeadh go háitiúil faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus chun na saoránaigh a chumhachtú le gníomhú ar na cúiseanna is cás leo. 

 

Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?