Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

Logo StopTradeWithSettlements
  • 08/09/2021
Tionscnamh nua cláraithe: ‘Comhréireacht maidir le Comhbheartas Tráchtála a áirithiú le Conarthaí an Aontais Eorpaigh agus comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta a áirithiú’

Inniu rinne an Coimisiún Eorpach cinneadh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chlárú, tionscnamh dar teideal 'Comhréireacht maidir le Comhbheartas Tráchtála a áirithiú le Conarthaí an Aontais Eorpaigh agus comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta a áirithiú’.

Iarrann eagraithe an tionscnaimh ar an gCoimisiún ‘gníomhartha dlí a mholadh bunaithe ar an gComhbheartas Tráchtála chun cosc a chur ar eintitis dhlíthiúla de chuid an Aontais táirgí a allmhairiú ar de thionscnamh lonnaíochtaí neamhdhleathacha i gcríocha faoi fhorghabháil iad, agus táirgí a onnmhairiú chuig críocha den chineál sin, ar mhaithe le hionracas an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus deimhin a dhéanamh de nach gcuidítear chun staideanna neamhdhleathacha mar sin a choinneáil ar bun.’

Is fiú go mór a léiriú go dtugann an tionscnamh deis don Choimisiún togra maidir le gníomh dlí a chur isteach faoin gComhbheartas Tráchtála, ar Comhbheartas ginearálta é nach ndírítear ar thír ar leith ná ar chríoch ar leith.

 

Logo ReturnThePlastics
  • 13/08/2021
Tionscnamh nua cláraithe: ‘CuirnaPlaistigharAis [ReturnthePlastics]: Tionscnamh ó na saoránaigh chun córas éarlaise uile-Aontais a chur chun feidhme le buidéil phlaisteacha a athchúrsáil’

 

Tá an Coimisiún tar éis tionscnamh nua ó na saoránaigh a chlárú, ‘CuirnaPlaistigharAis’ [ReturnthePlastics’]: Tionscnamh ó na saoránaigh chun córas éarlaise uile-Aontais a chur chun feidhme le buidéil phlaisteacha a athchúrsáil.

Eagraithe ‘ReturnthePlastics’: Leis an tionscnamh ó na saoránaigh chun córas éarlaise uile-Aontais a chur chun feidhme le buidéil phlaisteacha a athchúrsáil’, iarrtar ar an gCoimisiún togra a chur i láthair chun:

  • córas éarlaise uile-Aontais a chur chun feidhme le buidéil phlaisteacha a athchúrsáil,
  • na Ballstáit go léir a spreagadh chun a chinntiú go ndéanann ollmhargaí (nó slabhraí ollmhargaí) a dhíolann buidéil phlaisteacha meaisíní bailithe buidéal a shuiteáil chun na buidéil atá ceannaithe agus úsáidte ag tomhaltóirí a athchúrsáil, agus
  • tabhairt ar na cuideachtaí a tháirgeann buidéil phlaisteacha cáin ar phlaisteach a íoc le haghaidh athchúrsáil agus córas éarlaise na mbuidéal plaisteach (de réir an phrionsabail gur cheart gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as).

Seo an seachtú tionscnamh a cláraíodh in 2021.

Policy updates
  • 15/07/2021
An obair leantach ar na Tionscnaimh Eorpacha rathúla ó na Saoránaigh pléite ag Leas-Uachtarán an Choimisiúin Jourová i bParlaimint na hEorpa

An 15 Iúil ghlac Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Luachanna agus um Thrédhearcacht, páirt i malartú tuairimí le Coiste Pharlaimint na hEorpa um Achainíocha. Ba é an t-ábhar a bhí á phlé: an obair leantach ar na Tionscnaimh Eorpacha rathúla ó na Saoránaigh.

Rinne an Leas-Uachtarán cur síos ar na chéad chéimeanna eile don tionscnamh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’, chomh maith leis na bearta a rinneadh maidir leis na tionscnaimh a freagraíodh roimhe sin. Thug sí freagra mionsonraithe ar na ceisteanna agus ar na tuairimí ó na Comhaltaí. Féach ar an taifeadadh anseo.

 

New initiative registered
  • 30/06/2021
Tionscnaimh nua cláraithe: 'Éiceascór Eorpach (European EcoScore)' agus 'Sábháil cosmaidí neamhchruálacha – Tabhair gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe (Save cruelty-free cosmetics – Commit to a Europe without animal testing)'

Inniu, chláraigh an Coimisiún dhá thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh.

'Éiceascór Eorpach'

Iarrann eagraithe an tionscnaimh 'Éiceascór Eorpach' ar an gCoimisiún 'Éiceascór Eorpach iontaofa' a mholadh – lipéad riachtanach lena dtugtar eolas do thomhaltóirí i dtaca leis an tionchar comhshaoil atá ag táirgí a mhonaraítear san Aontas nó a dhíoltar ar mhargadh an Aontais. Bunófar an lipéad ar ríomh caighdeánach, agus tosófar le bia agus éadaí ach is é an aidhm dheiridh atá ann go gclúdóidh an lipéad gach cineál táirge.

'Sábháil cosmaidí neamhchruálacha – Tabhair gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe'

Iarrann eagraithe an tionscnaimh 'Sábháil cosmaidí neamhchruálacha – Tabhair gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe' ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh lena dtreiseofaí agus lena leathnófaí amach toirmisc an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair i dtaca le tástálacha ar ainmhithe le haghaidh cosmaidí, sin agus i dtaca leis an margaíocht a dhéantar ar na comhábhair a úsáidtear chun tástáil a dhéanamh ar ainmhithe. Leis an reachtaíocht freisin, leagfaí amach treochlár chun deireadh de réir a chéile a chur le tástálacha ar ainmhithe sula dtagann deireadh le sainordú reatha an Choimisiúin.

Agus an dá chlárúchán sin san áireamh, cláraíodh 6 thionscnamh nua sa chéad leath de 2021.

Initiative answered (successful)
  • 30/06/2021
Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an tionscnamh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’, an séú tionscnamh ar éirigh leis agus ar thacaigh bhreis agus 1 mhilliún saoránach ar fud an Aontais leis.

Léigh an teachtaireacht ón gCoimisiún agus an phreaseisiúint, agus féach ar an bhfíseán.

 

Logo BanFossilFuelAds
  • 16/06/2021
Tionscnamh nua cláraithe: ‘Cuir Cosc ar Fhógraíocht agus Urraíocht Breoslaí Iontaise’

Inniu, chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach nua ó na saoránaigh.

Iarrann eagraithe an tionscnaimh ‘Cuir Cosc ar Fhógraíocht agus Urraíocht Breoslaí Iontaise’ ar an gCoimisiún cosc a mholadh ar fhógraíocht agus urraíocht lena dtacaítear leis an margadh do bhreoslaí iontaise agus lena gcuirtear chun cinn é, sin agus maidir le gach cineál feithicle a úsáideann na breoslaí sin (lasmuigh d’fheithiclí a úsáidtear le haghaidh seirbhísí iompair lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta).

Is é seo an ceathrú tionscnamh a cláraíodh in 2021.

 

  • 11/06/2021
Rún glactha ag Parlaimint na hEorpa maidir le ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’

Ina rún maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’, iarrann Feisirí Pharlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún tograí reachtacha a cheapadh chun cosc a chur ar fheirmeoireacht ar ainmhithe i gcásanna san Aontas, roimh 2027 más féidir, tar éis idirthréimhse iomchuí agus tar éis dlúthmheasúnú tionchair eolaíoch a chur i gcrích.

Glacadh an rún an 10 Meitheamh le 558 vóta i bhfábhar, 37 vóta i gcoinne agus 85 staonadh ó vótáil.

Féach taifeadadh na díospóireachta sa seisiún iomlánach ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

 

  • 04/06/2021
Imeachtaí ar líne chun an TES a chur chun cinn – in Éirinn (16 Meitheamh) agus i Lucsamburg (18 Meitheamh)

Tá an Coimisiún Eorpach ag tabhairt cuireadh do shaoránaigh eolas a chur ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – agus an fócas ar Éirinn – an 16 Meitheamh, agus an 18 Meitheamh is ar Lucsamburg a dhíreofar. Chun cur le raon na n-imeachtaí agus a bhuí leis an bhformáid dhigiteach, is féidir le saoránaigh ó Bhallstáit eile freastal air freisin.

Féach ar dhátaí na n-imeachtaí atá le teacht ar ár suíomh gréasáin. Tá taifeadtaí ó na himeachtaí a bhí dírithe ar an nGearmáin , ar an Danmhairg agus ar an tSualainn ar fáil freisin.

Policy updates
  • 03/06/2021
Síneadh ama breise curtha le sé thionscnamh ó na saoránaigh mar gheall ar phaindéim COVID-19

De dheasca na ndúshlán atá cruthaithe ag paindéim COVID-19, ghlac an Coimisiún cinneadh an 3 Meitheamh síneadh trí mhí eile a chur leis na sé Thionscnamh Eorpacha ó na Saoránaigh a bhfuil ráitis tacaíochta á mbailiú acu faoi láthair. Maidir le sé thionscnamh eile a bhfuil an bailiúchán fós ar siúl ina leith, bhain siad tairbhe cheana féin as síneadh uasta iomlán de 12 mhí leis na síntí a cuireadh leis an tréimhse i mí Iúil 2020, i mí na Nollag 2020 agus i bhFeabhra na bliana seo. Thug an Coimisiún fógra d’eagraithe na dtionscnamh lena mbaineann. Léigh téacs an chinnidh cur chun feidhme ón gCoimisiún.

Logo ECIDay2021
  • 19/05/2021
Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh – imeacht ar líne, an 3-4 Meitheamh

Beidh an deichiú heagrán de Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar siúl ar líne an 3 agus an 4 Meitheamh. Is é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a eagraíonn an lá i gcomhar le páirtithe leasmhara institiúideacha agus na sochaí sibhialta.

Déardaoin an 3 Meitheamh beidh lá iomlán díospóireachtaí ann maidir le hionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh lena ndíreofar ar na gnéithe atá tábhachtach chun go mbeidh an Tionscnamh níos láidre agus chun treisiú a dhéanamh ar an daonlathas rannpháirtíochta ar leibhéal an Aontais.
Mar chuid den chlár freisin, reáchtálfar ceardlanna a bheidh dírithe ar eagraithe tionscnamh agus is éard a chlúdófar iontu ábhair ar nós feachtasaíocht ar líne agus tiomsú airgid.
An 4 Meitheamh tabharfar deis d’eagraithe na dtionscnamh atá ar siúl faoi láthair a dtionscnaimh a chur i láthair.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin gclár, na haíonna agus na ceardlanna, féach leathanach gréasáin an imeachta, a dhéantar a nuashonrú go tráthrialta. Cláraigh faoin 30 Bealtaine!

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?