Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

Policy updates
  • 03/06/2021

Síneadh ama breise curtha le sé thionscnamh ó na saoránaigh mar gheall ar phaindéim COVID-19

De dheasca na ndúshlán atá cruthaithe ag paindéim COVID-19, ghlac an Coimisiún cinneadh an 3 Meitheamh síneadh trí mhí eile a chur leis na sé Thionscnamh Eorpacha ó na Saoránaigh a bhfuil ráitis tacaíochta á mbailiú acu faoi láthair. Maidir le sé thionscnamh eile a bhfuil an bailiúchán fós ar siúl ina leith, bhain siad tairbhe cheana féin as síneadh uasta iomlán de 12 mhí leis na síntí a cuireadh leis an tréimhse i mí Iúil 2020, i mí na Nollag 2020 agus i bhFeabhra na bliana seo. Thug an Coimisiún fógra d’eagraithe na dtionscnamh lena mbaineann. Léigh téacs an chinnidh cur chun feidhme ón gCoimisiún.

Logo ECIDay2021
  • 19/05/2021

Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh – imeacht ar líne, an 3-4 Meitheamh

Beidh an deichiú heagrán de Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar siúl ar líne an 3 agus an 4 Meitheamh. Is é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a eagraíonn an lá i gcomhar le páirtithe leasmhara institiúideacha agus na sochaí sibhialta.

Déardaoin an 3 Meitheamh beidh lá iomlán díospóireachtaí ann maidir le hionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh lena ndíreofar ar na gnéithe atá tábhachtach chun go mbeidh an Tionscnamh níos láidre agus chun treisiú a dhéanamh ar an daonlathas rannpháirtíochta ar leibhéal an Aontais.
Mar chuid den chlár freisin, reáchtálfar ceardlanna a bheidh dírithe ar eagraithe tionscnamh agus is éard a chlúdófar iontu ábhair ar nós feachtasaíocht ar líne agus tiomsú airgid.
An 4 Meitheamh tabharfar deis d’eagraithe na dtionscnamh atá ar siúl faoi láthair a dtionscnaimh a chur i láthair.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin gclár, na haíonna agus na ceardlanna, féach leathanach gréasáin an imeachta, a dhéantar a nuashonrú go tráthrialta. Cláraigh faoin 30 Bealtaine!

  • 11/05/2021

Imeachtaí náisiúnta ar líne chun an TES a chur chun cinn – sa Danmhairg (20 Bealtaine) agus sa tSualainn (25 Bealtaine)

An 28 Aibreán chuir an Coimisiún Eorpach tús le sraith 2021 de 10 n-imeacht ar líne maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le himeacht rathúil a bhí dírithe ar an nGearmáin. An 20 Bealtaine táimid ag tabhairt cuireadh do shaoránaigh na Danmhairge eolas a chur ar ionstraim uathúil seo an daonlathais rannpháirtigh agus, an 25 Bealtaine, seal na Sualainne a bheidh ann. Buailfidh tú le saoránaigh rannpháirteacha, le hionadaithe institiúidí an Aontais agus le páirtithe leasmhara a bhfuil dúspéis acu sa daonlathas rannpháirteach. Glacfaidh eagraithe reatha agus iar-eagraithe páirt freisin chun a léargas a thabhairt. 

  • 10/05/2021

An chéad seimineár gréasáin eile ó Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES): ‘TES céim ar chéim’, an 18 Bealtaine

Bí linn don seimineár gréasáin ‘TES céim ar chéim’ an 18 Bealtaine chun treoir phraiticiúil a fháil maidir leis na céimeanna den nós imeachta a bhaineann le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh – an obair
ullmhúcháin, an próiseas clárúcháin, sínithe a bhailiú, céim an fhíoraithe agus an tionscnamh a chur isteach ina measc. Faigh tuilleadh eolais ar leathanach gréasáin an tseimineáir gréasáin.

New initiative registered
  • 21/04/2021

Tionscnaimh nua dar teideal ‘An Clár um Malartú Seirbhíseach Poiblí’ (Civil Servant Exchange Program) agus ‘Gairdíní Glasa Dín’ (Green Garden Roof Tops) cláraithe

Inniu, chláraigh an Coimisiún dhá thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh.

Iarrann eagraithe an tionscnaimh ‘An Clár um Malartú Seirbhíseach Poiblí’ (Civil Servant Exchange Program) ar an gCoimisiún scéim a sheoladh lena gcuirfear taithí ghairmiúil ar fáil do sheirbhísigh phoiblí ó thíortha den Aontas i seirbhís chomhchosúil i mBallstát eile ar feadh tréimhse idir 2 mhí agus 12 mhí.

Iarrann eagraithe an tionscnaimh ‘Gairdíní Glasa Dín’ (Green Garden Roof Tops) ar an gCoimisiún creat a mholadh le go mbeifear in ann gairdíní glasa a chur ar dhíonta cuideachtaí.

Hearing in EP
  • 30/03/2021

Éisteacht phoiblí maidir le ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’

Reáchtálfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an séú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis, is é sin ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’, an 15 Aibreán ó 9.00 go 12.00. I ngeall ar shrianta COVID-19 atá ann faoi láthair, reáchtálfar an cruinniú ó chian le láithreacht fhisiceach theoranta sa seomra, ach déanfar é a shruthú ina iomláine ar líne don phobal.

  • 27/03/2021

Léiriú ar thionchar polaitiúil díreach de chuid tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh

Tagann an Rialachán maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra i bhfeidhm inniu. Glacadh moladh an Choimisiúin maidir leis an Rialachán seo in 2019, tar éis an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Ban glyphosate and protect people and the environment from toxic pesticides [Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit agus cosnaítear daoine agus an comhshaol ar lotnaidicídí tocsaineacha]’. Beidh ócáid cheiliúrtha á reáchtáil ar líne an 30 Márta, a mbeidh eagraithe de chuid ECI páirteach inti. 

  • 27/03/2021

An seimineár gréasáin ‘Sínithe a bhailiú le haghaidh do thionscnaimh ó na saoránaigh’

Freastail ar an seimineár gréasáin a bheidh ar siúl an 30 Márta 2021 chun treoir phraiticiúil a fháil maidir leis an dóigh le ráitis tacaíochta a bhailiú go rathúil do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. 

Policy updates
  • 19/02/2021

Síneadh ama eile curtha ag an gCoimisiún le tionscnaimh ó na saoránaigh mar gheall ar phaindéim COVID-19

De dheasca na ndúshlán atá cruthaithe ag paindéim COVID-19, ghlac an Coimisiún cinneadh an 19 Feabhra síneadh trí mhí eile a chur leis na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a raibh ráitis tacaíochta á mbailiú acu an 1 Feabhra 2021. Thug an Coimisiún fógra d’eagraithe na dtionscnamh lena mbaineann. Léigh téacs an chinnidh cur chun feidhme ón gCoimisiún.

Initiative answered (successful)
  • 15/01/2021

Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an tionscnamh ‘Minority Safepack’

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Minority Safepack – aon mhilliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’, arb é an cúigiú tionscnamh ar éirigh leis agus ar thacaigh breis agus 1 mhilliún saoránaigh ar fud an Aontais leis. Léigh an teachtaireacht ón gCoimisiún.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?