
Tá an comórtas físeán ‘ImagineEU’ do dhaltaí meánscoile ar oscailt anois! Tugaimid cuireadh do dhaltaí (atá sa dá bhliain dheireanacha den mheánoideachas) ó gach cearn den Aontas Eorpach físeáin ghearra a chruthú agus a chomhroinnt faoina smaointe maidir le feabhsuithe nithiúla a d’fhéadfaí a dhéanamh san Aontas, ag tógáil ar choincheap an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Faigh amach faoi rialacha an chomórtais agus cuir isteach d’iarratas faoin 13 Nollaig 2023. Tabharfaidh trí fhoireann bhuacha cuairt staidéir dhá lá ar institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil.