Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

Podcast
  • 19/12/2022

Éist leis an eipeasóid nua de phodchraoladh CitizenCentral!

Ar fáil anois:  an eipeasóid nua de phodchraoladh CitizenCentral, ina mbeidh eagraithe na dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, saineolaithe agus cainteoirí eile le cloisteáil.

I gcaibidil 3, bí linn i gcomhrá le triúr eagraithe de thionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh ón Ísiltír, ón bhFrainc agus ón Danmhairg, agus iad ag cur na dtionscnamh seo a leanas i láthair: ‘Éadaí Maithe, Pá Cóir’, ‘An Bua ar Pháirc na hImeartha’ agus ‘Cuirimis stop le 5G – Fanaimis faoi Cheangal ach faoi Chosaint’.

Éist le CitizenCentral (i mBéarla amháin) atá ar fáil ar Apple PodcastsSpotifyGoogle Podcasts agus SoundCloud.
 

Meeting with EC
  • 25/11/2022

Buaileann an Coimisiún Eorpach le heagraithe an fheachtais ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí!’

An 25 Samhain, bhuail eagraithe an fheachtais ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’ le Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, agus le Stella Kyriakides, an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia, chun a gcuid smaointe a chur i láthair ar bhealach níos doimhne. 

New initiative registered
  • 22/11/2022

Tionscnamh nua cláraithe: ‘Lá Eorpach “Gach beart is gá a dhéanamh”’

An 22 Samhain 2022 chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Lá Eorpach “Gach beart is gá a dhéanamh”’.

Iarrtar leis an tionscnamh go ndéanfar Lá Eorpach “Gach beart is gá a dhéanamh” a institiúidiú mar ‘ghníomh siombalach den uile-Eorpachas’ mar thagairt don ráiteas a rinne iar-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Mario Draghi, an 26 Iúil 2012.

Is é seo an deichiú tionscnamh a cláraíodh in 2022. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

Judicial updates-court cases
  • 09/11/2022

Breithiúnas ón gCúirt maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún mar fhreagra ar an tionscnamh ó na saoránaigh ‘Minority SafePack’ (Cás T-158/21)

An 9 Samhain, dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta an teachtaireacht ón gCoimisiún inar luadh nach raibh gá le tuilleadh reachtaíochta ag an gcéim sin chun na cuspóirí a bhaint amach atá á lorg ag an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Minority SafePack – aon mhilliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’. Dhiúltaigh sí do chaingean an iarratasóra (grúpa d’eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh) chun an chumarsáid sin a neamhniú.

Is é tuairim na Cúirtegur leor na gníomhaíochtaí atá déanta cheana féin ag an Aontas Eorpach chun béim a leagan ar thábhacht na dteangacha réigiúnacha nó mionlaigh agus chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn le cuspóirí an tionscnaimh sin a bhaint amach.

Measann an Chúirt gur chomhlíon an Coimisiún a oibleagáidí maidir le cúiseanna a lua maidir leis an gcumarsáid atá á conspóid. Dheimhnigh sí freisin nach ndearna an Coimisiún aon earráid shoiléir mheasúnaithe maidir leis an scrúdú ar thograí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh sin.

Logo VeganMeal
  • 18/10/2022

Tionscnamh nua cláraithe: ‘Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le haghaidh béilí veigeánacha’

An 18 Deireadh Fómhair 2022 chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le haghaidh béilí veigeánacha’.

Leis an tionscnamh, iarrtar ar an gCoimisiún togra dlí a chur i láthair lena gceanglaítear an rogha veigeánach a bheith ar fáil go sainráite i gcónaí sna spásanna príobháideacha agus poiblí san Eoraip ina ndíoltar bia agus deochanna.

Is é seo an 95ú tionscnamh a cláraíodh ó bhí 2012 ann. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

Initiative submitted to the EC
  • 10/10/2022

Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’ curtha i láthair an Choimisiúin Eorpaigh

‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’ is é sin an teideal atá ar an seachtú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis. Tá 1,054,973 ráiteas tacaíochta bailíochtaithe faighte aige ó shaoránaigh an Aontais, agus baineadh an tairseach amach i 11 thír.

Leis an tionscnamh iarrtar ar an gCoimisiún bearta dlíthiúla a mholadh chun deireadh a chur de réir a chéile le lotnaidicídí sintéiseacha faoi 2035, chun an bhithéagsúlacht a athbhunú agus chun tacú le feirmeoirí san aistriú sin.

Buailfidh an Coimisiún leis na heagraithe chun an tionscnamh a phlé go mion sna seachtainí amach romhainn. Eagróidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí ina dhiaidh sin. Tá go dtí an 7 Aibreán 2023 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a thíolacadh lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh.

Logo FocusOnSpecificLearningDisabilities
  • 28/09/2022

Tionscnamh nua cláraithe: ‘Dírítear ar Mhíchumais Foghlama Shonracha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh’

An 28 Meán Fómhair 2022 chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Dírítear ar Mhíchumais Foghlama Shonracha ar Leibhéal an Aontais’.

Iarrtar leis an tionscnamh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh treoirlínte comhchoiteanna maidir le conas míchumais foghlama (i.e. disléicse, dioscalcúile, diosgraife) a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu chun a chinntiú go ndéanfar daoine faoi mhíchumais den sórt sin a chomhtháthú níos fearr laistigh den chóras oideachais, agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu freisin.

Is é seo an t-ochtú tionscnamh a cláraíodh in 2022. Tá sé mhí anois ag eagraithe an tionscnaimh an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

 

Podcast
  • 20/09/2022

Listen to the new season of CitizenCentral podcast!

Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

CitizenCentral podcast returns for a second season of conversations with organisers of European citizens’ initiatives, experts and other speakers.

In chapter 1, we talk to the organisers of ‘ReturnThePlastics’ and ‘Green VAT’ initiatives, taking different approaches to sustainability and consumer behaviour, as well as three climate and sustainability experts across the EU.

In chapter 2, we check how the European youth feels about voting, EU policymaking, citizen activism and the European Citizens’ Initiative, and we talk to the (young) organisers of the ‘Ending the aviation fuel tax exemption in Europe’ initiative.

Tune in and discover CitizenCentral (in English only) on Apple Podcasts, Spotify, Google Podcasts & SoundCloud.

Share your views on the 'CitizenCentral' podcast in this survey.

  • 15/09/2022

Nuachtlitir mhíosúil an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh – anois ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais

Liostáil lenár nuachtlitir mhíosúil chun bheith ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Is i mBéarla a scríobhtar í agus bíonn aistriúchán uathoibríoch di ar fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Is féidir leat liostáil leis an nuachtlitir anseo agus tá na heagráin a bhí ann roimhe seo le fáil anseo.

New initiative registered
  • 07/09/2022

Dhá thionscnamh nua cláraithe, maidir le fuinneamh in-athnuaite agus maidir le hoidhreacht na tuaithe a chosaint

Chinn an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh a chlárú an 7 Meán Fómhair.

An tionscnamh dar teideal ‘Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0.6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone’ [Cóirítear gach teach Eorpach le grianphainéil 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0.6 kW trí mhaoiniú an Aontais a chuirtear ar fáil trí na bardais amháin], is mian leis lorg CO2 gach teaghlaigh a laghdú agus athrú a dhéanamh ar dhearcadh an phobail maidir leis an bhfuinneamh glas. 

Is é is aidhm don tionscnamh 'Protect the EU’s Rural Heritage, Food Security and Supply’ [Cosnaítear Oidhreacht Tuaithe, Slándáil Bia agus Soláthar Bia an Aontais] ceantair thuaithe agus slándáil bia an Aontais a chur chun cinn.

Tá sé mhí anois ag na heagraithe an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?