Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

New initiative registered
  • 24/08/2022

Tionscnamh nua cláraithe: ‘Glao ar thimpeallacht atá saor ó thobac agus an chéad ghlúin Eorpach atá saor ó thobac a bhaint amach faoi 2030’

An 24 Lúnasa 2022 chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Glao ar thimpeallacht atá saor ó thobac agus an chéad ghlúin Eorpach atá saor ó thobac a bhaint amach faoi 2030’.

Leis an tionscnamh iarrtar ar an gCoimisiún gníomhartha dlíthiúla a mholadh lena gcuirfear chun cinn an chéad ghlúin Eorpach atá saor ó thobac faoi 2028 trí dheireadh a chur le díol tobac agus táirgí nicitín le saoránaigh a rugadh ó 2010 i leith. Iarrtar leis an tionscnamh freisin bearta sonracha chun tránna, bruacha aibhneacha agus páirceanna náisiúnta atá saor ó thobac agus ó bhunanna toitíní a bhaint amach, chomh maith le spásanna amuigh faoin aer atá saor ó ghal a leathnú, agus deireadh a chur le fógraíocht tobac.

Is é seo an cúigiú tionscnamh a cláraíodh in 2022. Tá sé mhí anois ag eagraithe an tionscnaimh an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

 

Physical event (3rd party)
  • 27/07/2022

Páirt á glacadh ag an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i bhféilte daonlathais san Eoraip

I mbliana, beidh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i láthair ag roinnt féilte ar fud an Aontais le seastán faisnéise, gníomhaíochtaí amhail tráth na gceist nó balla tuairimíochta, rannpháirtíocht i bpléití agus tuilleadh!

Is iad seo a leanas na féilte inar féidir leat bualadh leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus tú féin a chur in aithne:

  • Féile Pholaitiúil na hEorpa, féile daonlathais ceithre lá a reáchtáiltear i Mariager (an Danmhairg) idir an 25-28 Lúnasa
  • PrinsjesFestival, féile daonlathais a reáchtáiltear sa Háig (an Ísiltír) i mí Mheán Fómhair – agus go háirithe ag PrinsjesMarkt (an 17 Meán Fómhair)
  • Fóram na Cipire – comhdháil bhliantúil um an athrú (Nicosia, an 29-30 Meán Fómhair)

Tá gníomhaíochtaí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh beartaithe freisin sa Bheilg (Féile Level up! sa Bhruiséil ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair), an Ghréig (Féile Scannán Thessaloniki i mí na Samhna) agus sa tSeicia.

  • 29/06/2022

An Bheilg – an cúigiú tír chun tacaíocht do thionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a cheadú ó dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois

Tá an aois íosta chun tacú le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh ag teacht anois leis an aois ag a bhfuil daoine i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Tá an aois íosta vótála do na toghcháin sin laghdaithe ag an mBeilg ó 18 go 16 do gach saoránach den Aontas atá ina gcónaí sa tír. Tiocfaidh an beart sin i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2023. Ón uair sin ar aghaidh, beidh daoine óga idir 16 agus 18 mbliana d’aois in ann tacú le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh.

IT developments
  • 20/06/2022

Nuashonrú nua ar an Lárchóras Bailithe Ar Líne

Cuireadh gnéithe nua le déanaí leis an Lárchóras Bailithe ar Líne chun feabhas a chur ar a fheidhmiúlacht d’eagraithe thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: anois tá níos mó roghanna formáidithe ag teachtaireachtaí do na meáin shóisialta agus is féidir lógónna na dtionscnamh a thaispeáint i dteachtaireachtaí Facebook. Féadfaidh na heagraithe na méadrachtaí is déanaí a íoslódáil go héasca, teacht ar aiseolas ó úsáideoirí sna bunteangacha mar a chuir na saoránaigh ar fáil é agus tá treoir níos fearr ann do shaoránaigh a chuireann isteach an cód poist mícheart.

Thairis sin, leis an aiseolas a chomhroinneann daoine a thacaíonn leis na tionscnaimh ar chumas an Choimisiúin feabhsuithe eile a ullmhú amach anseo. Is é an Lárchóras Bailithe ar Líne atá á úsáid ag an gcuid is mó de na tionscnaimh atá oscailte cheana, agus beidh sé de cheangal ar gach tionscnamh nua a chlárófar ón 1 Eanáir 2023 úsáid a bhaint as.

 

  • 17/06/2022

Webinar 'Campaigning During a Global Crisis: How to Make your Topic Feature when External Events Take Away Attention?' (Wed 6 July 2022)

Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

How to get heard when people’s attention is focused on something else?

Register for this webinar on 6 July (12:30 – 1:45 CET) and learn about campaigning in difficult circumstances and how to make your citizens' initiative feature when these external events deter attention from it.

Communication expert, John Holland, and ECI organiser from the "Stop Finning - Stop the Trade" European citizens' initiative, Nils Kluger, will share their expertise and experiences on the subject.

Podcast
  • 14/06/2022

New podcast series in preparation - share your views!

Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

With 7 episodes released in season 1 and production for season 2 kicking off, we invite you to share your views on the 'CitizenCentral' podcast. This survey takes approximately 8-10 minutes and closes on 23 June.

Survey-Questionnaire
  • 14/06/2022

Suirbhé maidir le tacaíocht ón tsochaí shibhialta don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Glao ar eagraíochtaí uile na sochaí sibhialta: roinn do thaithí agus do dhearcthaí maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh! Conas a roghnaíonn tú tacú le tionscnamh nó gan tacú leis? Cuir an t-eolas sin in iúl dúinn trí pháirt a ghlacadh sa suirbhé gearr seo ag a bhfuil sprioc-am: an 31 Iúil.

Cuirfear torthaí an tsuirbhé seo san áireamh san athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanfar ar rialacha an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a fhoilseofar faoi dheireadh 2023.

Infographic-Statistics
  • 08/06/2022

Staitisticí tír-shonracha maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (grafaic faisnéise nuashonraithe)

Ar fhiafraigh tú díot féin riamh faoi aois agus náisiúntacht eagraithe na dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, i ndáil lena ndaonra freisin? Féach na sonraí agus na figiúirí is déanaí maidir le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh i ngrafaic faisnéise an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (a nuashonraíodh i mí na Bealtaine 2022) ar Fhóram an Tionscnaimh. 

Logo ECIDay2022
  • 08/06/2022

Na príomhphointí ó Lá an Tionscnaimh ó na Saoránaigh 2022

Is é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a chomhpháirtithe a d’eagraigh eagrán 2022 de Lá an Tionscnaimh ó na Saoránaigh an 2 Meitheamh 2022, agus díríodh an lá sin ar an téama ‘An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh 10 mbliana ar aghaidh: réidh don todhchaí?’ 

A bhuí leis an gceardlann maidir leis an Lárchóras Bailithe ar Líne (COCS), bhíothas in ann gnéithe nua COCS a chur i láthair agus aiseolas a bhailiú ó úsáideoirí agus ó pháirtithe leasmhara ar mhaithe le feabhas leanúnach a chur ar an gcóras.

An cheardlann dar teideal ‘Tionscnamh ar éirigh leo: nuair a tagann eagraíochtaí neamhrialtasacha ar fud an Aontais le chéile ar chúis chomhchoiteann’, thug sí lánléargas ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Léigh tuilleadh eolais sa phreaseisiúint a d’foilsigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

  • 07/06/2022

Cúrsa ar líne faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Tá an cúrsa ar líne maidir le Scileanna Riachtanacha d’Eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le fáil in EU Academy.

Díríonn an cúrsa ar na gnéithe praiticiúla den Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus tugann sé deis do dhaoine foghlaim faoin bpróiseas agus faoin gcleachtas a bhaineann le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a fhorbairt ionas go n-éireoidh leo. Is iad saineolaithe a bhfuil taithí acu a thugann an treoir le linn an chúrsa. Gheobhaidh na rannpháirtithe teastas ar chur i gcrích an chúrsa dóibh. Cuirtear an cúrsa ar fáil saor in aisce.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?