Tionscnamh nua cláraithe: Good Clothes, Fair Pay (Éadaí Maithe, Pá Cothrom)
An 01 Meitheamh 2022 chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Good Clothes, Fair Pay’ (Éadaí Maithe, Pá Cothrom). Leis an tionscnamh, iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh lena gceanglófar ar ghnóthais atá gníomhach in earnáil an éadaigh agus an choisbhirt dícheall cuí a dhéanamh i leith pánna maireachtála ina slabhraí soláthair.
Is é seo an ceathrú tionscnamh a cláraíodh in 2022 agus an 90ú tionscnamh ó cuireadh tús leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh in 2012. Tá sé mhí anois ag na heagraithe an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.