Éist leis an gcúigiú heagrán de phodchraoladh CitizenCentral!
Tá an cúigiú heagrán den tsraith nua podchraoltaí faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, CitizenCentral, díreach eisithe agus is féidir éisteacht leis ar Apple Podcasts, Spotify, Google Podcasts agus SoundCloud.
Is é teideal an eagráin seo ‘Tomhaltóirí cúramacha – cuir aithne ar Eorpaigh a bhfuil bealaí cruthaitheacha acu chun an t-athrú aeráide a chomhrac’, agus is iad na tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh Cuir Cosc ar Fhógraíocht Breoslaí Iontaise (Ban Fossil Fuel Ads) agus Éiceascór Eorpach (European EcoScore) atá faoi chaibidil ann. San eagrán sin freisin, cloisfidh tú ó shaineolaithe agus ó ghníomhaithe sna réimsí ábhartha.