
An 6 Feabhra chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘European Cannabis Initiative’.
Iarrann na heagraithe ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh: comhthionól saoránach tras-Eorpach a ghairm maidir le beartais cannabais, agus smachtbhannaí agus comhsheasmhacht bheartais na mBallstát san áireamh; (ii) rochtain ar channabas míochaine a chothú agus cead a thabhairt cannabas agus a dhíorthaigh atá forordaithe chun críoch teiripeach a iompar chun a chinntiú go mbainfear leas iomlán as an gceart chun sláinte agus (iii) na hacmhainní is gá a leithdháileadh chun taighde a dhéanamh ar channabas maidir lena úsáidí teiripeacha.
Is é conclúid an Choimisiúin nach féidir an tionscnamh a chlárú ach amháin maidir leis an dara agus an tríú cuspóir, toisc nach gcomhlíonann ach na cuspóirí sin na ceanglais maidir le clárú. Bhí ar an gCoimisiún diúltú do chéad chuspóir an tionscnaimh a chlárú toisc nach dtagann sé faoi chumhachtaí an Choimisiúin togra a chur isteach le haghaidh gníomh dlí den Aontas.
Lean an clárú páirteach nós imeachta dhá chéim inar iarradh ar na heagraithe, mar chéim thosaigh, a dtionscnamh tosaigh a leasú, agus an chéad mheasúnú ón gCoimisiún á chur san áireamh.
Tá sé mhí ag na heagraithe chun bailiúchán na sínithe a oscailt.