Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

Logo of the European Parliament
  • 06/10/2023

Éisteacht phoiblí maidir leis an TES ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ an 12 Deireadh Fómhair 2023

Reáchtálfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an deichiú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis, is é sin ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’, an 12 Deireadh Fómhair 2023 ó 9:00 go 12:00. Cuirfidh na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh i láthair agus rachaidh siad i mbun plé le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Glacfaidh ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach páirt freisin.

Déanfar an cruinniú a shruthú ar an ngréasán agus a thaifeadadh.

 

 

Hearing in EP
  • 21/09/2023

An tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ curtha i láthair i seisiún iomlánach Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

An 20 Meán Fómhair 2023 reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) díospóireacht ina sheisiún iomlánach maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’. Chuir ionadaí an tionscnaimh, Elise Fleury, an tionscnamh i láthair agus pléadh é le Tilly Metz, Feisire de Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán an Idirghrúpa maidir le Leas agus Caomhnú Ainmhithe, chomh maith le comhaltaí CESE.

New initiative registered
  • 16/08/2023

Tionscnamh nua cláraithe: ‘Cultúr, oideachas, teanga agus traidisiúin na hÚcráine a chaomhnú agus a fhorbairt i mBallstáit an Aontais’

An 16 Lúnasa chláraigh an Coimisiún Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal Cultúr, oideachas, teanga agus traidisiúin na hÚcráine a chaomhnú agus a fhorbairt i mBallstáit an Aontais. Iarrtar leis ar an gCoimisiún dlús a chur lena ghníomhaíochtaí chun tacú le dídeanaithe ón Úcráin a imeascadh san Aontas.

Is é seo an seachtú tionscnamh a cláraíodh in 2023. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an dáta a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

Initiative answered (successful)
  • 25/07/2023

Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an tionscnamh ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe’

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe’, an naoú tionscnamh ar éirigh leis agus ar thacaigh bhreis agus 1 mhilliún saoránach ar fud an Aontais leis. Bhailigh an tionscnamh breis agus 1.2 milliún síniú bailí in 21 Bhallstát.

Léigh an teachtaireacht ón gCoimisiún.

Fur Free Europe logo
  • 20/07/2023

Cruinniú idir an Coimisiún Eorpach agus eagraithe an tionscnaimh ‘Fur Free Europe’ (‘An Eoraip saor ó Fhionnadh’)

An 20 Iúil 2023, bhuail eagraithe an deichiú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis, ‘Fur Free Europe’ (‘An Eoraip saor ó Fhionnadh’), le Vera Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar Luachanna agus Trédhearcacht, agus le Stella Kyriakides, an Coimisinéir Eorpach um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia, chun cuspóirí a dtionscnaimh a chur i láthair ar bhealach níos doimhne. 

New initiative registered
  • 11/07/2023

Tionscnamh nua cláraithe: ‘Cáin a ghearradh ar shaibhreas mór chun an t-aistriú éiceolaíoch agus sóisialta a mhaoiniú’

An 11 Iúil, chinn an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chlárú dar teideal Cáin a ghearradh ar shaibhreas mór chun an t-aistriú éiceolaíoch agus sóisialta a mhaoiniú. Is tionscnamh é a iarrann ar an gCoimisiún cáin Eorpach ar shaibhreas mór a bhunú le leas an aistrithe éiceolaíoch agus shóisialta.

Is é seo an séú tionscnamh a cláraíodh in 2023. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

Initiative answered (successful)
  • 05/07/2023

Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an tionscnamh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’, an t-ochtú tionscnamh ar éirigh leis agus ar thacaigh bhreis agus 1 mhilliún saoránach ar fud an Aontais leis.

Léigh an teachtaireacht ón gCoimisiún.

European Parliament
  • 04/07/2023

Díospóireacht ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha’ i seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa, an 10 Iúil 2023

Beidh díospóireacht ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa faoin naoú tionscnamh rathúil ó na saoránaigh dar teideal ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe’ sa seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, tráthnóna Dé Luain an 10 Iúil.

Beidh an seisiún iomlánach á shruthú ar an ngréasán agus á thaifeadadh.

Podcast
  • 30/06/2023

Éist leis an eipeasóid nua de phodchraoladh CitizenCentral!

San eipeasóid nua de phodchraoladh CitizenCentral dar teideal ‘Cén tionchar a bhíonn ag tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh?’, tugtar léargas ar thrí thionscnamh ar éirigh leo, is iad sin: ‘Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit’ [Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit agus cosnaítear daoine agus an comhshaol ar lotnaidicídí tocsaineacha], ‘Ná Coinnímis Ainmhithe i gCásanna Feasta’, and ‘Right2Water’ [Tá an ceart ag cách ar uisce agus ar shláintíocht! Tá uisce ann ar mhaithe leis an bpobal, ní haon tráchtearra é!].  

Éist le CitizenCentral (i mBéarla amháin) atá le fáil ar Apple PodcastsSpotify, agus SoundCloud.  

European Parliament
  • 16/06/2023

Rún maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh glactha ag Parlaimint na hEorpa

An 13 Meitheamh ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le rialacháin i dtaca leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur chun feidhme. Is é is aidhm don rún cur leis an athbhreithniú atá ar na bacáin ag an gCoimisiún ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Aithnítear sa rún gur chuir an Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh feabhas suntasach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus moltar ann roinnt gníomhaíochtaí chun an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a fheabhsú tuilleadh mar uirlis trasteorann ar leith don daonlathas rannpháirteach.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?