
Reáchtálfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an ochtú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis, is é sin Cuir deireadh le teascadh eití – Cuir deireadh leis an trádáil, an 27 Márta ó 3:00 go 6:00 p.m. Cuirfidh na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh i láthair agus rachaidh siad i mbun plé le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Glacfaidh ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach páirt freisin.
Beidh an cruinniú á shruthú ar an ngréasán agus á thaifeadadh.