
Reáchtálfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an deichiú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis, is é sin ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’, an 12 Deireadh Fómhair 2023 ó 9:00 go 12:00. Cuirfidh na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh i láthair agus rachaidh siad i mbun plé le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Glacfaidh ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach páirt freisin.
Déanfar an cruinniú a shruthú ar an ngréasán agus a thaifeadadh.