Beidh an chéad eagrán eile de Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar siúl Dé Máirt, an 3 Márta 2026, mar chuid de Sheachtain na Sochaí Sibhialta. Is é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a eagraíonn an t-imeacht faoin teideal ‘Daoine, Daonlathas, Athléimneacht – Ár dTodhchaí!’
Ar Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, tugtar le chéile lucht eagrúcháin, an tsochaí shibhialta agus institiúidí an Aontais chun smaointe agus dea-chleachtais a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a phlé agus a mhalartú, agus líonrú a dhéanamh. Beidh díospóireachtaí painéil ardleibhéil agus ceardlanna praiticiúla ann.
Tabharfaidh Maroš Šefčovič, an Coimisinéir Eorpach um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, agus um an gCaidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach, atá freagrach as an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, aitheasc do na rannpháirtithe ag an seisiún clabhsúir.
Ócáid hibrideach a bheidh ann, agus beidh daoine rannpháirteach sa Bhruiséil nó ar líne. Dúnfar an clárú an 25 Feabhra.