
Tá na huirlisí foghlama roinnte i 4-aonad, agus cruthaíodh iad mar ghníomhaíocht roghnach seomra ranga do dhaltaí meánscoile na sraithe sinsearaí. Is é is aidhm dóibh an t-eolas agus na scileanna a thabhairt do dhaltaí a chuirfidh ar a gcumas a bheith ina saoránaigh ghníomhacha rannpháirteacha de chuid an Aontais. Mar chuid den phróiseas sin, díríonn na huirlisí ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
Tríd an teagasc, an taighde, an díospóireacht, obair thionscadail agus rólimirt, foghlaimíonn daltaí faoin gcaoi ar tháinig forbairt ar an Aontas le himeacht ama, faoin gcaoi a gceapann institiúidí an Aontais dlíthe, faoin tionchar a mbíonn ag na dlíthe sin ar an saol laethúil, agus faoin gcaoi a gcuireann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar a gcumas dul i gcomhairle le daoine eile chun beartas an Aontais a mhúnlú i dtaca le saincheisteanna ar cás leo.