Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

ECI Day 8 June 2023
  • 26/05/2023
Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh an 8 Meitheamh – glac páirt a ghlacadh i bpearsa nó ar líne

Is é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a eagróidh Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh 2023 agus díreoidh sé ar na scileanna a theastaíonn ó eagraithe chun go n-éireoidh lena dtionscnamh – i ndáil leis an mBliain Eorpach um Scileanna. Freastalóidh Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar Luachanna agus ar Thrédhearcacht, Věra Jourová, ar an gcomhdháil.

Na huirlisí le haghaidh scoileanna ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais - Cuir do thuairim in iúl leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh’ arna bhforbairt ag an gCoimisiún, is ag an ócáid a sheolfar iad.

Ócáid hibrideach a bheidh ann, agus beidh daoine rannpháirteach sa Bhruiséil nó ar líne. Is féidir clárú go dtí an 4 Meitheamh.

European Parliament
  • 22/05/2023
Éisteacht phoiblí maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe’ an 25 Bealtaine 2023

Reáchtálfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an naoú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis, is é sin ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe’, an 25 Bealtaine 2023 idir 9.00 a.m. agus 12.00 p.m. Cuirfidh na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh i láthair agus rachaidh siad i mbun plé le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Glacfaidh ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach páirt freisin.

Beidh an cruinniú á shruthú ar an ngréasán agus á thaifeadadh.

Belgium
  • 02/05/2023
Belgian citizens can now support European citizens’ initiatives from age 16
Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

Thanks to an amendment to the national provisions on European citizens’ initiative, applying as of 1 May 2023, Belgian citizens can support European citizens’ initiatives from age 16.

There are altogether six countries where it is possible to support ECIs below age 18.

New initiative registered
  • 18/04/2023
An 100ú tionscnamh cláraithe: ‘Príomhchathracha agus muintir na hEorpa go léir a nascadh trí líonra traenach ardluais’

An 18 Aibreán chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Príomhchathracha agus muintir na hEorpa go léir a nascadh trí líonra traenach ardluais’.  

Iarrtar sa tionscnamh go nascfaí príomhchathracha uile na hEorpa le línte iarnróid ardluais trí na líonraí iarnróid ardluais atá ann cheana a nascadh le chéile agus trí línte ardluais a thógáil i gcás nach ann dóibh go fóill.

Is é seo an ceathrú tionscnamh ó na saoránaigh a cláraíodh in 2023, agus an 100ú ceann ar an iomlán, rud ar cloch mhíle thábhachtach é ó tugadh an uirlis isteach in 2012.

Initiative answered (successful)
  • 05/04/2023
Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an tionscnamh ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha le haghaidh comhshaol folláin’

Inniu, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’, arb é an seachtú tionscnamh rathúil a fuair tacaíocht ó níos mó ná 1 mhilliún saoránach ar fud an Aontais.

Léigh an teachtaireacht ón gCoimisiún. 

 

European Parliament
  • 24/03/2023
Éisteacht phoiblí faoin tionscnamh ó shaoránaigh ‘Cuir deireadh le teascadh eití — Cuir deireadh leis an trádáil’, an 27 Márta 2023

Reáchtálfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an ochtú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis, is é sin Cuir deireadh le teascadh eití – Cuir deireadh leis an trádáil, an 27 Márta ó 3:00 go 6:00 p.m. Cuirfidh na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh i láthair agus rachaidh siad i mbun plé le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Glacfaidh ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach páirt freisin.

Beidh an cruinniú á shruthú ar an ngréasán agus á thaifeadadh.

New initiative registered
  • 22/03/2023
Tionscnamh nua cláraithe: ‘Cuirtear Deireadh le Ré Mharaithe na gCapall’

An 22 Márta chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Cuirtear Deireadh le Ré Mharaithe na gCapall’.

Iarrtar leis an tionscnamh dlíthe nua chun cosc a chur ar mharú capall, chun stop a chur le hiompar fadachair capall ar fud na hEorpa lena marú agus chun capaill a chosaint ó ró-obair nó oiliúint chrua a dhéanamh.

Is é seo an tríú tionscnamh a cláraíodh in 2023. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

logo Save cruelty free cosmetics
  • 17/03/2023
Fáilte curtha ag an gCoimisiún Eorpach roimh eagraithe an tionscnaimh ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe’

An 17 Márta 2023 bhuail eagraithe an naoú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘SÁBHÁILTEAR COSMAIDÍ NEAMHCHRUÁLACHA - TUGTAR GEALLTANAS GO mBEIDH AN EORAIP SAOR Ó THÁSTÁIL AR AINMHITHE’ le Vera Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar Luachanna agus ar Thrédhearcacht, agus le Thierry Breton, an Coimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, chun cuspóirí a dtionscnaimh a chur i láthair ar bhealach níos doimhne. 

European Parliament
  • 14/03/2023
Díospóireacht ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí!’ i seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa an 16 Márta

Déanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa díospóireacht ar an seachtú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis, is é sin ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’ le linn sheisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, Déardaoin an 16 Márta ar 9.00.

Beidh an seisiún iomlánach á shruthú ar an ngréasán agus á thaifeadadh.

New initiative registered
  • 22/02/2023
Tionscnamh nua cláraithe: ‘Cinntítear go gcuirfear fáilte dhíniteach roimh imircigh chun na hEorpa’

An 22 Feabhra chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal ‘Cinntítear go gcuirfear fáilte dhíniteach roimh imircigh chun na hEorpa’. 

Iarrtar leis go ndéanfadh córas nua a fhorbairt chun iarrthóirí tearmainn a dháileadh ar fud an Aontais, ar bhonn a saorthola féin, agus dlúthpháirtíocht éifeachtach idir na Ballstáit á cinntiú ag an am céanna. Tá caighdeáin cheangailteacha fáiltithe á n-iarraidh freisin lena gcinnteofar go mbeidh dálaí maireachtála díniteacha ag iarrthóirí tearmainn ar fud an Aontais, mar shampla ó thaobh bia, sláinte, tithíochta, oideachais agus oibre de.

Is é seo an dara tionscnamh a cláraíodh in 2023. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?