![New initiative registered](https://citizens-initiative.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2022-10/Registration-new.png?itok=qFq4yCnk)
Dhá thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh cláraithe ag an gCoimisiún
An 19 Meitheamh chinn an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh a chlárú.
Leis an tionscnamh ‘Air-Quotas’, iarrtar go mbunófaí sásra cuóta carbóin na saoránach i ngach tír, rud a spreagfadh gnólachtaí chun dícharbónú a dhéanamh trí éileamh na dtomhaltóirí. Measann na heagraithe gur cheart gach ceannachán earraí agus seirbhísí a chumhdach leis an sásra nua sin, ag tosú le hearnáil an aeriompair.
Iarrtar leis an tionscnamh ‘Stop Destroying Videogames’ [Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh] go dtabharfaí isteach ceanglas d’fhoilsitheoirí físchluichí san Aontas na cluichí sin a fhágáil i staid fheidhmiúil (so-imeartha), ionas go gcuirfear cosc ar fhíschluichí a dhíchumasú go cianda.
Is iad na tionscnaimh sin an séú agus an seachtú tionscnamh a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe anois chun bailiúchán na sínithe a oscailt.