Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Ambasadóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

ECI ambassadors logo

Cabhraíonn Ambasadóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun an scéal a scaipeadh faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, díospóireacht a chothú agus saoránaigh a chumasú le gníomhú ar chúiseanna atá tábhachtach dóibh. Is ar bhonn deonach a dhéanann siad a gcuid oibre.

Is ó réimse leathan eagraíochtaí atá gníomhach ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta nó réigiúnach a thagann siad, agus tá rud éigin i gcoiteann ag gach duine acu – saineolas ar an daonlathas rannpháirtíochta agus sprioc choiteann maidir le saoránaigh a spreagadh chun bheith rannpháirteach sa cheapadh beartas.

Buail le hAmbasadóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ag imeachtaí ar líne agus as líne agus lean ar na meáin shóisialta iad!

 

Ina theannta sin, tá Pointí Teagmhála Náisiúnta an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ceaptha ag gach Ballstát chun cúnamh a thabhairt do ghrúpaí eagraithe.

Image of Nikos Papakostas
Nikos Papakostas is a political scientist and one of the partners and founders of Inter Alia.
  • Gníomhach in Greece
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?