
Tá nós imeachta tairisceana seolta ag an gCoimisiún Eorpach chun Ardán Comhoibríoch ar Líne an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh) a bhainistiú. Tá na doiciméid soláthair, ina measc sin na sonraíochtaí tairisceana, le fáil ar Thairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ an Aontais.
Iarrtar ar eagraíochtaí a bhfuil spéis acu sa chonradh seo tairiscint a chur isteach i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais faoin 25 Meitheamh 2025.