Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’ curtha i láthair an Choimisiúin Eorpaigh
‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’ is é sin an teideal atá ar an seachtú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis. Tá 1,054,973 ráiteas tacaíochta bailíochtaithe faighte aige ó shaoránaigh an Aontais, agus baineadh an tairseach amach i 11 thír.
Leis an tionscnamh iarrtar ar an gCoimisiún bearta dlíthiúla a mholadh chun deireadh a chur de réir a chéile le lotnaidicídí sintéiseacha faoi 2035, chun an bhithéagsúlacht a athbhunú agus chun tacú le feirmeoirí san aistriú sin.
Buailfidh an Coimisiún leis na heagraithe chun an tionscnamh a phlé go mion sna seachtainí amach romhainn. Eagróidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí ina dhiaidh sin. Tá go dtí an 7 Aibreán 2023 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a thíolacadh lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh.