Tá an Coimisiún Eorpach ag déanamh obair leantach go gníomhach ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’, tionscnamh lenar iarradh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh chun deireadh a chur leis an trádáil idirnáisiúnta in eití scaoilte siorcanna.
Ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh, cuirfidh an Coimisiún dlús leis an monatóireacht ar thrádáil táirgí siorcanna a bhuí le 13 chód taraife nua le haghaidh siorcanna agus a n-eití. Leis na cóid sin, beifear in ann na speicis siorcanna is mó a thrádáiltear a rianú.
Tá céim an chomhairliúcháin curtha i gcrích ag an gCoimisiún freisin maidir lena mheasúnú tionchair ar chosc trádála ar eití scaoilte agus raon bearta beartais malartacha, rud a rinneadh mar fhreagairt ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach an Aontais maidir le cosaint agus bainistiú siorcanna.