Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Beartas príobháideachais maidir le sonraí pearsanta sínitheoirí a bhailítear ar fhoirmeacha páipéir

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), ní úsáidfear do chuid sonraí pearsanta a sholáthróidh tú ar an bhfoirm seo ach amháin chun tacú leis an tionscnamh agus cuirfear ar fáil iad do na húdaráis náisiúnta inniúla iad chun críche fíorú agus deimhniú amháin. Tá tú i dteideal a iarraidh ar ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh seo rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta, mar aon leis na sonraí sin a cheartú, a scriosadh agus a bpróiseáil a shrianadh.

Déanfaidh grúpa d'eagraithe do chuid sonraí a stóráil ar feadh tréimhse uasta coinneála de1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh nó 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, cibé acu is túisce. Féadfar iad a choinneáil níos faide ná na teorainneacha ama sin i gcás imeachtaí riaracháin nó dlí, is é sin ar feadh 1 mhí amháin ar a mhéad tar éis na himeachtaí sin a thabhairt i gcrích.

Gan dochar d'aon réiteach riaracháin ná breithiúnach eile, beidh an ceart agat gearán a chur faoi bhráid údarás cosanta sonraí am ar bith, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ort, san ionad oibre nó in áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann tú go ndearnadh do shonraí a phróiseáil go neamhdhleathach.

Is é ionadaí ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh nó, de réir mar is iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a chruthaigh siad, an rialaitheoir de réir bhrí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus is féidir teagmháil a dhéanamh trí na sonraí a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm seo.

Tá sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí (más ann dó) ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscnaimh seo i gclár an Choimisiúin Eorpaigh, dá bhforáiltear i bpointe 4 den bhfoirm seo.

Is féidir teacht ar shonraí teagmhála an údaráis náisiúnta a gheobhaidh agus a phróiseálfaidh do shonraí pearsanta agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí anseo: https://citizens-initiative.europa.eu/how-it-works/data-protection_ga.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?