‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais - Cuir do thuairim in iúl le huirlisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh do scoileanna’
Cad a spreagann daoine óga chun beart a dhéanamh faoi shaincheist is cás leo? Cad iad na bearta is féidir leo a dhéanamh mar shaoránaigh de chuid an Aontais? Cad is féidir a bhaint amach nuair a oibrímid le chéile – agus thar theorainneacha – ar shaincheisteanna a bhfuil tábhacht leo?
Déan do dhaltaí a spreagadh leis na huirlisí nua do scoileanna darb ainm ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais - Cuir do thuairim in iúl leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh!’
Chun go mbeidh siad ina saoránaigh ghníomhacha, ní mór do dhaoine óga tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas agus ar na cearta atá acu agus ar na freagrachtaí atá orthu. Leis na huirlisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’, cuirtear an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i láthair daltaí, sin agus spreagann siad iad le ról gníomhach a ghlacadh i saincheisteanna Eorpacha. Tá siad dírithe ar dhaltaí meánscoile atá sa tsraith shinsearach.
Tríd an teagasc, an taighde, an díospóireacht, obair thionscadail agus rólimirt, foghlaimeoidh daltaí faoin gcaoi a ndéantar cinntí san Aontas, faoin gcaoi a bhfuil tionchar ag na cinntí sin ar an saol laethúil, agus ar an rud is tábhachtaí, faoin gcaoi a gcuireann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar a gcumas dul i gcomhairle le daoine eile chun beartas an Aontais a mhúnlú i dtaca le saincheisteanna ar cás leo.
“Cheap mo chuid daltaí go raibh an modúl an-suimiúil. Mhúscail na tascanna spéis iontu agus bhain siad taitneamh astu, go háirithe nuair a rinne siad físeán dá dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh féin - is meascán maith é d’oideachas agus de shiamsaíocht.” - Małgorzata, múinteoir meánscoile ón bPolainn
Tá an cúrsa oiriúnach do ranganna saoránachta nó saoránaíochta; d’oibreodh sé freisin mar chuid de chúrsa tionscadalbhunaithe, rang teanga iasachta nó cúrsa FCÁT. Tá sé le fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.
Na huirlisí a chur i láthair
Reáchtáladh seimineár gréasáin i mí na Bealtaine 2023 chun na huirlisí a chur i láthair oideoirí. Tá taifeadadh den seimineár gréasáin agus na sleamhnáin Powerpoint le fáil thíos (i mBéarla amháin).
Is féidir leat éisteacht freisin leis an eagrán ‘The ABCs of ‘EU Democracy in Action’ - presenting a European Citizens’ Initiative Toolkit’ (i mBéarla amháin) den phodchraoladh ‘CitizenCentral’.
Comórtas do dhaltaí meánscoile
Idir an 16 Deireadh Fómhair agus an 13 Nollaig 2023, tugtar cuireadh do ghrúpaí daltaí meánscoile a n-iontrálacha a chur isteach don chomórtas físeáin ‘ImagineEU’. Tá an comórtas bunaithe ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus déanann sé comhlánú ar na huirlisí oideachasúla do scoileanna darb ainm ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais - Cuir do thuairim in iúl leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh’. Is í an duais a bheidh ann turas grúpa chun na Bruiséile do thrí fhoireann bhuaiteacha.
Faigh tuilleadh eolais ar Leathanach an chomórtais físeáin.