Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Cuntas d’eagraithe

Cuireann an Cuntas d’eagraithe ar chumas eagraithe a dtionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena chlárú agus a ghnéithe éagsúla a bhainistiú (mar shampla, an t-ardán bailithe ar líne a shaincheapadh, eolas faoi thacaíocht airgeadais a nuashonrú nó teagmháil a dhéanamh le lucht tacaíochta).  

Gabh chuig do Chuntas d'eagraithe 

 

I gcás eagraithe nua tionscnaimh: 

Agus do ghrúpa curtha ar bun agat, do thionscnamh dréachtaithe agat agus an t-eolas ar fad is gá bailithe agat, is gá duit iarraidh ar chlárú a chur isteach. 

Chun é sin a dhéanamh, ní mór d’ionadaí do ghrúpa d’eagraithe Cuntas nua d’eagraithe a chur ar bun lena s(h)eoladh ríomhphoist (rud a bheidh le feiceáil ar an suíomh gréasáin seo nuair a bheidh an tionscnamh cláraithe) agus na réimsí éigeantacha a líonadh isteach. 

Tabhair do d’aire: Cuntas EU Login a chruthú, sin é an chéad chéim chun cuntas d’eagraithe a chur ar bun. Féach sa lámhleabhar thíos maidir le conas d’fhón póca a nascadh le do chuntas EU Login chun fíordheimhniú láidir dhá fhachtóir a chinntiú.  

EU Login manual for the ECI organiser account GA
Gaeilge
(381.24 KB - DOCX)
Íoslódáil
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?