Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Podchraoladh CitizenCentral

Díríonn CitizenCentral ar na tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh. Mar chuid de gach eagrán (a taifeadadh idir 2021 agus 2023), insíonn eagraithe tionscnamh agus a lucht tacaíochta an fáth a mbaineann tábhacht lena dtionscnamh, an taithí atá acu ar fheasacht a mhúscailt ar leibhéal an Aontais, agus comhroinneann siad leideanna de réir mar a dhéanann siad iarracht tionchar níos mó a imirt ar bheartais a dhéanann difear dúinn go léir.

In agallaimh le saineolaithe éagsúla beartais agus le hacadóirí éagsúla, déantar iniúchadh breise ar na saincheisteanna a chuirtear chun cinn leis na tionscnaimh sin ó na saoránaigh.

Féadfaidh tú éisteacht ar Apple Podcasts, Spotify, Google Podcasts agus SoundCloud.

Na tuairimí a chuirtear in iúl sna podchraoltaí, is léiriú iad ar dhearcadh na gcainteoirí amháin agus ní cóir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.

Cuir aithne ar na daoine atá taobh thiar de na tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh i nótaí seó na n-eagrán thíos.

3.2: Cén tionchar atá ag tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh? Samplaí ó thionscnaimh rathúla

Is minic a iarrann saoránaigh den Aontas samplaí de thionchar na dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh; mar sin sa chlár seo caithimid súil níos géire ar thrí thionscnamh a shroich níos mó ná 1 mhilliún síniú agus a fuair freagra ón gCoimisiún. Cloisimid ó eagraí gach ceann de na trí thionscnamh, ‘Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit’ [Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit agus cosnaítear daoine agus an comhshaol ar lotnaidicídí tocsaineacha], ‘Ná Coinnímis Ainmhithe i gCásanna Feasta’, agus ‘Right2Water’ [Tá an ceart ag cách ar uisce agus ar shláintíocht! Tá uisce ann ar mhaithe leis an bpobal, ní haon tráchtearra é!].  

I gcás gach tionscnaimh, labhraímid le hoifigigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a thugann tuilleadh sonraí faoi na bearta a rinneadh mar fhreagairt ar na tionscnaimh rathúla.  

In 2023 thug an Coimisiún freagra ar cheithre thionscnamh eile ó na saoránaigh [mí Aibreáin, mí Iúil agus mí na Nollag].

An dáta a foilsíodh an eagrán: mí an Mheithimh 2023

3.1: Buneolas ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’ – sraith straitéisí don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur i láthair

San eagrán seo labhraímid faoi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun go mbeidh eolas ag gach duine san Eoraip ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES), agus tosófar le daltaí meánscoile. D’fhorbair an Coimisiún Eorpach sraith uirlisí do scoileanna darb ainm ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais – Cuir do thuairim in iúl leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh’ agus rinneadh í a phíolótú i meánscoileanna go luath in 2023.  

Tagann na hagallaimh ó go leor gnéithe éagsúla: cloisimid ón bhFeisire Loránt Vincze, duine d’eagraithe feachtais TES ‘tráth dá raibh’ agus a thacaíonn go díograiseach le hoideachas saoránachta, agus Małgorzata Malczyk, múinteoir Béarla a rinne an tsraith uirlisí a phíolótú i scoil sa Pholainn. Ina theannta sin, tugann Silvia Kersemakers, ceannaire foirne fhoireann TES sa Bhruiséil, léargas ar an bhfáth ar forbraíodh an tsraith uirlisí agus cloisimid guthanna roinnt daoine óga – rud a léiríonn go mbíonn an deis ann feasacht a mhéadú faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. 

An dáta a foilsíodh an eagrán: mí an Mheithimh 2023 

2.4: Ar son na n-ainmhithe, na ndaoine agus an phláinéid! Éist le guthanna na ndaoine a mholann réitigh nua ar sheanchleachtais

San eagrán seo de CitizenCentral, tá táirgí ainmhithe á bplé ag beirt eagraithe tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Creideann siad go bhfuil réitigh le fáil i dteicneolaíochtaí nua-aimseartha ar sheanchleachtais neamh-inbhuanaithe, dar leo, agus gur féidir leis an teicneolaíocht tairbhe a dhéanamh d’ainmhithe, do dhaoine agus don phláinéad. 

Díríonn Filippo Borsellino, eagraí an tionscnaimh ‘Cuirtear Deireadh le Ré an Mharaithe’, ar fhóirdheontais ón Aontais a aistriú ó fheirmeoireacht bheostoic go roghanna malartacha atá bunaithe ar chealla agus ar phlandaí. Cloisimid freisin ó aoi atá i mbun gnólacht nuathionscanta Spáinneach a tháirgeann roghanna feola saothraithe.  

Is í Elise Fleury ionadaí an tionscnaimh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’, darb aidhm cosc a chur ar fheirmeacha fionnaidh agus ar tháirgí fionnaidh fheirmshaothraithe ar an margadh Eorpach. Chomh maith leis an tsaincheist sin a phlé, tugann sí léargais ar conas feachtas rathúil TES a reáchtáil.

An dáta a foilsíodh an eagrán: mí Eanáir 2023

2.3: Pá cóir agus cothrom na Féinne: Cuir aithne ar na hEorpaigh atá i mbun feachtais ar son na trédhearcachta

Bí linn i gcomhrá le triúr eagraithe tionscnaimh ó na saoránaigh as an Ísiltír, an Fhrainc agus an Danmhairg. Tá Kirsten Kossen, eagraí an tionscnaimh ‘Éadaí Maithe, Pá Cóir’, ag iarraidh reachtaíocht a bheith ann maidir le híosphá maireachtála d’oibrithe in earnáil an éadaigh agus in earnáil an choisbhirt. Iarrtar leis an tionscnamh tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a bheith ann sa slabhra soláthair, darb aidhm an bhochtaineacht a laghdú agus saothar leanaí a chomhrac.   

Cloisimid freisin ó Ronan Evain, stiúrthóir feidhmiúcháin ‘Tacadóirí Sacair na hEorpa’ agus ionadaí don tionscnamh ‘An Bua ar Pháirc na hImeartha’. Is mian leis an ngrúpa seo d’eagraithe samhail Eorpach an spóirt a chosaint agus cosc a chur le haon iarracht scarúnaíoch eile ollsraitheanna a chur ar bun. Is é is aidhm dóibh aitheantas oifigiúil a thabhairt do luach sóisialta an spóirt i sochaí na hEorpa agus páirt a thabhairt don lucht leanúna sa phlé faoi thodhchaí fhadtéarmach spóirt na hEorpa.  

Ar deireadh, tugaimid cuairt ar Pernille Schriver sa Danmhairg atá ina hionadaí don tionscnamh ‘Cuirimis stop le 5G – Fanaimis faoi Cheangal ach faoi Chosaint’. Comhcheanglaíonn an tionscnamh seo ábhair imní ó go leor grúpaí agus is é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna líomhnaithe radaíochta, comhshaoil, bailithe sonraí agus faireachais a bhaineann leis an nascacht gan sreang.  

Séanadh: Ní dheimhníonn an Coimisiún in aon chor go bhfuil ábhar an tionscnaimh ‘Cuirimis stop le 5G’ cruinn go fíorasach. Is é grúpa eagraithe an tionscnaimh atá freagrach as an méid sin, agus iad sin amháin. Go deimhin, tagann roinnt de na nithe a mhaítear sa tionscnamh sin salach ar an gcnuasach fianaise eolaíche atá ar fáil don Choimisiún, agus ar na measúnuithe a rinne an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint ar Radaíocht Neamhianúcháin (ICNIRP), an comhlacht arna shainordú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sláinte. 

An dáta a foilsíodh an eagrán: mí na Nollag 2022

2.2: Brústocairí saoránach agus ceannairí amach anseo: Éist le tuairimí dhaoine óga na hEorpa

Sa chaibidil seo cloisimid ó ghrúpa d’Eorpaigh óga (26 bliana d’aois nó faoina bhun) as 9 mBallstát éagsúla, agus iad ag comhroinnt smaointe maidir le vótáil, ceapadh beartais an Aontais, gníomhaíochas saoránach agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Insíonn siad dúinn freisin cad iad na smaointe ar mhaith leo a bheith ina dtionscnaimh ó na saoránaigh amach anseo.

Cloisimid freisin ó Daniela Vancic ó Democracy International agus ó Paco Camas ó Ipsos, cuideachta taighde ar thuairimí an phobail. Is é an argóint atá ag Daniela go gcabhraíonn TES agus uirlisí rannpháirtíochta eile le daoine óga dul i ngleic leis na saincheisteanna is cás dóibh, agus tugann Paco fíricí agus figiúirí dúinn maidir le rannpháirtíocht daoine óga san Aontas sa lá atá inniu ann.

Ar deireadh, cloisimid ó bheirt eagraithe ón tionscnamh ó na saoránaigh dar teideal ‘Deireadh a chur leis an díolúine ó cháin ar bhreosla eitlíochta san Eoraip’ (ar a dtugtar ‘Fairosene’ freisin). Déanann an bheirt bhrústocairí saoránach óg seo machnamh ar a bhfeachtas agus ar an bhfáth ar chríochnaigh sé go buacach.

An dáta a foilsíodh an eagrán: mí Mheán Fómhair 2022

2.1: An athchúrsáil agus rátaí CBL: Cuir aithne ar na hEorpaigh atá ar lorg réitigh inbhuanaithe

Nótaí seó don eipeasóid

‘ReturnthePlastics’ [‘Cuirtear na Plaistigh ar ais’] agus ‘CBL Glas’ san áireamh

Tá CitizenCentral ar ais le haghaidh an dara séasúr! Bí linn agus muid ag caint le beirt eagraithe tionscnaimh ó na saoránaigh a bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige acu i leith na hinbhuanaitheachta agus iompraíocht na dtomhaltóirí, agus le triúr saineolaithe aeráide agus inbhuanaitheachta ar fud an Aontais.

Míníonn Omar Pérez ón tionscnamh ‘ReturnthePlastics’ cuspóir an ghrúpa eagraithe sin macasamhlú a dhéanamh de chórais athchúrsála atá ann cheana i roinnt Ballstát den Aontas. Mar is léir ó thorthaí na gcóras atá ann cheana, is é an smaoineamh atá acu scéim éarlaise uile-Aontais a chur i bhfeidhm chun buidéil phlaisteacha a athchúrsáil trí úsáid a bhaint as meaisíní bailithe buidéal sna hollmhargaí. Tá ceist mhór ann go fóill – cé air ar cheart costas an chórais sin a chur?

Tá Brigitta Hartmann ina hionadaí don tionscnamh ‘CBL Glas’ lena n-iarrtar laghduithe cánach ar tháirgí orgánacha, ar tháirgí a tháirgtear go hinbhuanaithe agus ar tháirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol san Eoraip. Is é an sprioc atá ann níos mó roghanna a thabhairt do thomhaltóirí agus cuideachtaí a spreagadh chun athmhachnamh a dhéanamh ar an dóigh a ndéantar táirgí. Ach seans go mbeadh an cheist seo agat – an mbeadh bonn cánach ann fós dá mba tháirgí glasa iad gach táirge?

1.7: Deich mbliana den Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: tionscnaimh nua agus cuimhní cinn

Is iad seo a leanas na tionscnaimh atá faoi chaibidil: ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha’, ‘Cuirtear deireadh leis an téamh domhanda – praghas ar charbón chun an t-athrú aeráide a chomhrac’ agus ‘Fraternité 2020 – An tSoghluaisteacht. An dul chun cinn. An Eoraip.’

In 2022 táimid ag comóradh 10 mbliana den Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, agus sa chaibidil seo buailimid le lucht eagraithe tionscnamh ón am atá caite, ón am i láthair agus (b’fhéidir) ón am atá le teacht – Simona Pronckutė, an Dr Julia Baines agus Virginia Fiume.

Is é is aidhm don tionscnamh ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha’ cosc iomlán a chur ar chomhábhair cosmaidí a thástáil ar ainmhithe agus an eolaíocht a nuachóiriú ionas nach ndéanfar tástáil ar ainmhithe ina leith. Agus is mian leo a bheith ar an tionscnamh is tapúla riamh chun 1 mhilliún síniú a bhaint amach!

Tar éis dhá bhliain de stocaireacht agus tar éis dhúnadh na tréimhse bailithe sínithe i samhradh 2021, tugann Virginia Fiume léargas géarchúiseach dúinn ar an méid a d’fhoghlaim sí le linn an tionscnaimh Stop Global Warming [‘Cuirtear deireadh leis an téamh domhanda’]. Tá sí féin agus a comhghleacaithe tar éis a dtaithí leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a dhíriú ar an tionscadal EUMANS.eu, agus maíonn siad go mbeidh siad chugainn arís!

Ar deireadh, cloisimid ó dhuine de lucht eagraithe an chéad Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh riamh a cláraíodh, ‘Fraternité 2020 – An tSoghluaisteacht. An dul chun cinn. An Eoraip.’ Cén chaoi a raibh eispéireas Simona 10 mbliana ó shin? Agus cén tionchar a d’imir sé ar a saol a bheith páirteach i dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh?

Nóta: Freagra na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán ar thástáil ainmhithe agus ar fheachtas PETA: https://ec.europa.eu/environment/chemicals/reach/animal_en.htm

1.6: Vacsaíní agus cóipcheart – seo iad na hEorpaigh atá ag troid ar son athruithe ar bheartais an Aontais

Is iad seo a leanas na tionscnaimh atá faoi chaibidil: ‘Saoirse Roinnte’ agus ‘An Ceart chun Leighis ar Ghalar’

Sa chaibidil seo de CitizenCentral, gheobhaidh tú léargas ar chearta cóipchirt agus ar chearta maoine intleachtúla. Tá sé d’aidhm ag Gregory Engels, ionadaí an tionscnaimh Saoirse Roinnte, tionchar a imirt ar dhlí cóipchirt na hEorpa agus é a dhéanamh dleathach comhaid a chomhroinnt trí líonraí digiteacha.

Is í Julie Steendam an t-ionadaí don tionscnamh ‘An Ceart chun Leighis ar Ghalar’ (tionscnamh ar a dtugtar ‘Ná déantar brabús ar an bpaindéim’ freisin), tionscnamh lena n-iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach deimhin a dhéanamh de go mbeidh gach vacsaín agus cóir leighis i gcoinne an choróinvíris ar fáil do chách ar fud an domhain agus gan chostas. Tugann an bheirt léargas grinn dúinn ar cheisteanna casta a bhaineann le tionchar na ndlíthe cóipchirt agus maoine intleachtúla, lenár saoirse agus leis an gcostas a íocaimid.

1.5: Tomhaltóirí coinsiasacha – seo iad na hEorpaigh atá ag troid in aghaidh an athraithe aeráide ar bhealaí cruthaitheacha

Is iad seo a leanas na tionscnaimh atá faoi chaibidil: ‘Cuirtear Cosc ar Fhógraíocht agus Urraíocht Breoslaí Iontaise’ agus ‘Éiceascór Eorpach’

Sa chúigiú caibidil de CitizenCentral cloisimid ó Silvia Pastorelli agus Antoine Thill – beirt eagraithe atá ag iarraidh an fhreagracht a chur ar chuideachtaí as a dtionchar ar an gcomhshaol agus cuidiú le tomhaltóirí roghanna inbhuanaithe a dhéanamh – gach duine acu ar bhealaí éagsúla.

Is é is aidhm don tionscnamh ‘Cuirtear Cosc ar Fhógraíocht Breoslaí Iontaise’ go mbeadh gníomh reachtach ón Aontas ann a chuirfeadh toirmeasc ar fhógraí le haghaidh breoslaí iontaise, lena n-áirítear fógraí le haghaidh an iompair de bhóthar agus an iompair uisce a úsáideann breoslaí iontaise. Is é an cosc ar fhógraíocht faoi thobac, cosc atá i bhfeidhm cheana féin ar fud an Aontais, atá mar inspioráid don tionscnamh seo agus tá sé ag féachaint le hathrú sistéamach a dhéanamh mar gheall ar an ngéarchéim aeráide. Idir an dá linn, tá lucht eagraithe an tionscnaimh ‘Éiceascór Eorpach’ ag iarraidh go mbeadh lipéad éigeantach ann a thabharfadh eolas soiléir do thomhaltóirí na hEorpa faoin tionchar a bhíonn ar an gcomhshaol ag táirgí a dhéantar nó a dhíoltar san Aontas.

Cláraíodh an dá thionscnamh agus cuireadh tús le bailiú na sínithe i lár 2021 – seo tuairisc ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leo go dtí seo.

1.4: Is iad seo na hEorpaigh atá ag iarraidh ár n-aghaidheanna a éileamh ar ais agus an bhochtaineacht a mhaolú ar fud na hilchríche

Is iad seo a leanas na tionscnaimh atá faoi chaibidil: ‘D’aghaidh a éileamh ar ais’ agus ‘Tugtar Bunioncam Neamhchoinníollach (UBI) isteach ar fud an Aontais’

Sa cheathrú caibidil de CitizenCentral cloisimid ó Ella Jakubowska agus Catarina Neves agus iad ag plé bealaí éagsúla chun cearta bunúsacha a chosaint agus an neamhionannas a laghdú ar fud an Aontais. Le ‘D’aghaidh a éileamh ar ais’ – an tionscnamh ón tsochaí shibhialta chun cosc a chur ar chleachtais an ollfhaireachais bhithmhéadraigh – táthar ag iarraidh rialú docht a dhéanamh ar úsáid teicneolaíochtaí bithmhéadracha ionas nach gcuirfear isteach go míchuí ar chearta bunúsacha. Is éard a chlúdaítear san eagrán seo na ceisteanna caolchúiseacha faoin gcaoi a n-úsáideann daoine, cuideachtaí agus rialtais an teicneolaíocht – cad is cuspóir leis sin agus cén chaoi a dtéann sé i bhfeidhm ar ár saol.

Tá lucht eagraithe an tionscnaimh ‘Tugtar Bunioncam Neamhchoinníollach (UBI) isteach ar fud an Aontais’ ag iarraidh go gcuirfeadh an Coimisiún Eorpach togra chun cinn maidir le bunioncam uilíoch ar fud an Aontais chun leas shaoránaigh na hEorpa a dhéanamh i ngach Ballstát.

1.3: Is iad seo na guthanna atá taobh thiar de thonn glas na hEorpa

Is iad seo a leanas na tionscnaimh atá faoi chaibidil: ‘Cuirtear deireadh le Teascadh Eití – Cuirtear deireadh leis an trádáil’, ‘Gairdíní Glasa Dín’ agus ‘Dul chun cinn san eolaíocht a chothú: tá an-tábhacht leis na barra’

Sa tríú caibidil de CitizenCentral cloisimid ó Nils Kluger, Almog Sade agus Martina Helmlinger faoi chúrsaí comhshaoil ar talamh agus ar muir.

Is é is aidhm don tionscnamh ‘Cuirtear deireadh le Teascadh Eití – Cuirtear deireadh leis an trádáil’ deireadh a chur le trádáil eití siorca laistigh den Aontas. Leis an tionscnamh ‘Gairdíní Glasa Dín’ a sheol beirt siblíní agus grúpa cairde, táthar ag iarraidh an spás folamh ar dhíonta fhoirgnimh na gcorparáidí a úsáid chun limistéir ghlasa a dhéanamh díobh. Cloisimid freisin ó dhuine d’eagraithe an tionscnaimh ‘Dul chun cinn san eolaíocht a chothú: tá an-tábhacht leis na barra.’ Dúnadh an tionscnamh i samhradh na bliana 2021, ach is iomaí nod don eolach atá ina cuid cainte do dhaoine ar mian leo tionscnamh ó na saoránaigh a chur chun cinn. 

1.2: Cumhacht do na daoine – cloistear na daoine ar mian leo teorainneacha na hEorpa a leagan

Is iad seo a leanas na tionscnaimh atá faoi chaibidil: ‘An Clár um Malartú na Státseirbhíseach’ agus ‘Vótálaithe gan Teorainneacha’

Sa dara caibidil de CitizenCentral cloisimid ó Adam Mazoyer agus Rosalie van den Brink agus dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh á bplé acu, ar tionscnaimh iad atá dírithe ar an rannpháirtíocht shibhialta inár bpobail a neartú. Is é is aidhm don Chlár um Malartú na Státseirbhíseach (CSEP) cuidiú le státseirbhísigh foghlaim óna chéile agus feabhas a chur ar an gcaoi a dtugann siad aghaidh ar cheisteanna trasnáisiúnta – tubaistí nádúrtha, an chibearshlándáil agus nithe eile nach iad. Is é is cás leis an tionscnamh ‘Vótálaithe gan Teorainneacha’ na cearta daonlathacha a mhéadú do na saoránaigh den Aontas ar mian leo vóta a chaitheamh i dtoghcháin náisiúnta sa tír ina bhfuil cónaí orthu.

1.1: Fáilte go dtí CitizenCentral

Is iad seo a leanas na tionscnaimh atá faoi chaibidil: ‘An Aoine don Todhchaí’ agus ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí’

Éist le Paula Reyes agus Helmut Burtscher sa chéad chaibidil de CitizenCentral agus iad ag plé dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh a raibh deireadh lena dtréimhsí bailithe sínithe ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2021. ‘Gníomhartha maidir leis an Éigeandáil Aeráide’ (a dúnadh an 23 Meán Fómhair 2021) agus ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha le haghaidh comhshaol folláin’ (a dúnadh an 30 Meán Fómhair 2021), sin dhá cheann den iliomad tionscnamh ó na saoránaigh in imeacht na mblianta a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an mbithéagsúlacht.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?