I do cháil mar shaoránach den Aontas Eorpach, féadfaidh tú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a thosú, sin nó ceann atá ar siúl cheana féin a shíniú nó páirt a ghlacadh ann.
Féadfaidh tú freisin páirt a ghlacadh tríd an scéal a scaipeadh chun gur fearr aitheanta a bheidh uirlis an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh. Labhair amach agus bain úsáid as do bhealaí cumarsáide chun an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur chun cinn i measc do líonraí féin!
Ar mhaith leat eolas a fháil faoi conas is féidir leat tosú agus cabhrú chun an scéal a scaipeadh? I Lámhleabhar Abhcóideachta an Tionscnaimh ó na Saoránaigh atá le fáil thíos tugtar comhthéacs, leideanna agus cleasanna i dtaca le teachtaireachtaí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a scaipeadh.

- български
- Español
- čeština
- dansk
- Deutsch
- eesti
- ελληνικά
- English
- français
- hrvatski
- italiano
- latviešu
- lietuvių
- magyar
- Malti
- Nederlands
- polski
- português
- română
- slovenčina
- slovenščina
- suomi
- svenska
Is iomaí acmhainn ilteangach atá le fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ar leathanach na n-ábhar cumarsáide – is féidir leat iad a athúsáid nó spreagadh a fháil do do chomhthéacs féin.
Ar deireadh, féach clár ambasadóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Cuidíonn Ambasadóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun an scéal a scaipeadh go háitiúil faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus chun na saoránaigh a chumhachtú le gníomhú ar na cúiseanna is cás leo.
