Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

Is spás é Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun eolas praiticiúil agus comhairle a fháil faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES), agus chun plé a dhéanamh ar aon ábhar a bhaineann leis.  

Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

Más eagraí thú de Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh atá ann faoi láthair nó a d’fhéadfadh a bheith ann, nó más scoláire thú, nó má tá tú ag iarraidh níos mó eolas praiticiúil a fháil faoi TES, is ansin a gheobhaidh tú ábhar úsáideach. Mar shampla: scéalta ratha, grafaicí faisnéise, ábhair treoraíochta, cúrsa ar líne, blagphostálacha nó taifeadtaí de sheimineáir ghréasáin. 

Chomh maith leis sin, is féidir leat comhairle saor in aisce a iarraidh maidir le gnéithe dlí agus feachtasaíochta de do thionscnamh tríd an modúl ‘Comhairle a lorg’ ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. 

Is í Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS) a fheidhmíonn an t-ardán seo thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh agus faoi chonradh leis. 

ECI Forum
European Citizens' Initiative Forum

 

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?