Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An chaoi a n‑oibríonn sé

Step by step

Léigh faoin gcaoi a n-oibríonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh sa treoir seo:

Treoir don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh


  • How we works Step 2
    Céim 2: Do thionscnamh a chlárú

    Sula bhféadfaidh tú tosú ar shínithe a bhailiú do do thionscnamh, ní mór duit iarraidh ar an gCoimisiún é a chlárú.

    Chun é sin a dhéanamh, seo thíos a bheidh ort a dhéanamh:

    • Cuntas d’eagraithe a chruthú. Beidh sé seo in úsáid agat le do thionscnamh a bhainistiú agus chun dul i dteagmháil leis an gCoimisiún a fhad agus a bheidh an tionscnamh idir lámha agat.
    • Cur síos a dhéanamh ar do thionscnamh i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (chomh maith le sonraí agus doiciméid ábhartha maidir leis an ngrúpa d’eagraithe, maoiniú a fuarthas, etc.)

    Níl ceangal ar an gCoimisiún gach tionscnamh a chlárú. Ní chláraíonn sé ach na tionscnaimh a chomhlíonann critéir áirithe.
    A luaithe a iarrfaidh tú go gclárófar do thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh sé leis.
    Gheobhaidh tú freagra laistigh de 2 mhí (nó, i gcásanna áirithe, laistigh de 4 mhí).
    Má chinneann an Coimisiún do thionscnamh a chlárú, foilseofar anseo é.


  • How we works Step 3
    Céim 3: Tacaíocht a fháil

    Ní mór duit tacaíocht a fháil ó 1 mhilliún saoránach den Aontas ar a laghad
    , agus tairseacha (líon íosta) ann i 7 mBallstát ar a laghad.
    Ní mór do na daoine sin foirm ráitis tacaíochta shonrach a líonadh isteach.

    Féadfaidh tú sínithe a bhailiú ar na dóigheanna seo a leanas:

    • ar pháipéar (foirmeacha réamhlíonta, atá ar fáil le híoslódáil ó do chuntas d’eagraithe)
    • ar líne (trí úsáid a bhaint as an Lárchóras Bailithe ar Líne).

    Tá na foirmeacha seo ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Le linn an bhailithe, ní mór duit cloí leis na rialacha maidir le cosaint sonraí.

    Uainiú

    Nuair atá tú réidh chun d’fheachtas a sheoladh, ní mór duit an dáta tosaithe a phiocadh(ar a dhéanaí 6 mhí tar éis duit do thionscnamh a chlárú) agus ní mór duit an Coimisiún a chur ar an eolas 10 lá oibre ar a laghad roimhe.
    Beidh 12 mhí agat ansin chun ráitis tacaíochta a bhailiú.

    Cé atá in ann síniú?

    Chun síniú a dhéanamh, ní mór don dhuine a bheith:

    LEID – Is fearr níos mó sínithe ná mar atá ag teastáil a bhailiú. Uaireanta, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na húdaráis náisiúnta in ann na ráitis tacaíochta uile a chuireann tú ar fáil a dheimhniú.

    Tuilleadh eolais maidir le sínithe a bhailiú


  • How we works Step 4
    Céim 4: Ráitis tacaíochta a fhíorú

    Má éiríonn leat go leor sínithe a bhailiú laistigh den tréimhse 12 mhí, déan iad a ghrúpáil de réir náisiúntachta agus iad a sheoladh chuig na húdaráis fhreagracha i ngach Ballstát iad lena bhfíorú.

    Tá suas le 3 mhí agat chun é sin a dhéanamh ó dháta deiridh do thréimhse bailiúcháin.

    Beidh 3 mhí eile ag na húdaráis ansin chun a fhíorú líon na ráiteas tacaíochta atá bailí (eiseoidh siad deimhniú duit ina leith sin).

    LEID – Cuireann an Coimisiún seirbhís shlán malartaithe comhad ar fáil chun na ráitis tacaíochta (a bhailítear ar pháipéar) a aistriú chuig na húdaráis náisiúnta. Is é an Coimisiún a thugann aire don aistriú sin.

    Tuilleadh eolais maidir le ráitis tacaíochta a fhíorú.


  • How we works Step 5
    Céim 5: Do thionscnamh a chur isteach

    Nuair a bheidh an deimhniú deiridh faighte agat ó na húdaráis náisiúnta, beidh 3 mhí agat chun do thionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin – mar aon leis an eolas faoin tacaíocht agus faoin maoiniú a fuair tú don tionscnamh.

    Tuilleadh eolais maidir leis an tionscnamh a chur isteach.


  • How we works Step 6
    Céim 6: Freagra a fháil

    Nuair a bheidh do thionscnamh curtha isteach agat, tosóidh an measúnú ar do thionscnamh:

    • Laistigh de mhí amháin
      Buailfidh tú le hionadaithe ón gCoimisiún ionas go bhféadfaidh tú na saincheisteanna a ardaíodh i do thionscnamh a mhíniú go mion.
       
    • Laistigh de 3 mhí
      Beidh an deis agat do thionscnamh a chur i láthair le linn éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa. D’fhéadfadh an Pharlaimint díospóireacht a dhéanamh ag seisiún iomlánach, agus d’fhéadfadh sé go nglacfadh sí rún a bhaineann le do shaincheist mar thoradh air sin.
       
    • Laistigh de 6 mhí
      Léireoidh an Coimisiún go soiléir cén ghníomhaíocht a mholfaidh sé mar fhreagra ar do thionscnamh (má tá aon mholadh aige), agus na cúiseanna atá aige le beart a dhéanamh (nó gan beart a dhéanamh). Is i bhfoirm teachtaireachta a bheidh an freagra sin, rud a ghlacfaidh Coláiste na gCoimisinéirí go foirmiúil agus déanfar é a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Buailfidh tú le hionadaithe an Choimisiúin a thabharfaidh míniú níos mionsonraithe ar a chinneadh maidir le do thionscnamh.

    Tuilleadh eolais maidir le freagra a fháil ón gCoimisiún.


  • An chéad chéim eile?

    Reachtaíocht

    Má mheasann an Coimisiún gur iomchuí reachtaíocht a rith mar fhreagra ar do thionscnamh, tosóidh sé ar thogra foirmiúil a ullmhú. D’fhéadfadh céimeanna ullmhúcháin a bheith ag teastáil chuige sin, cuir i gcás comhairliúcháin phoiblí, measúnuithe tionchair, etc. Nuair a ghlacfaidh an Coimisiún an togra, cuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é (nó faoi bhráid na Comhairle amháin i gcásanna áirithe), agus beidh orthu siúd an é a ghlacadh chun dlí a dhéanamh de.

    Gníomhaíocht eile

    Níl ceangal ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh. Fiú i gcás freagraí dearfacha ar thionscnaimh, d’fhéadfadh sé gur obair leantach neamhreachtúil an obair leantach is iomchuí ar thionscnamh. Tá réimse bearta eile ann a d’fhéadfadh a bheith níos oiriúnaí.

    Gníomhaíocht leantach

    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa measúnú a dhéanamh ar na bearta atá glactha ag an gCoimisiún freisin.

Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?