Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Cosaint sonraí

Treoir maidir le cosaint sonraí d’eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

Príomhphrionsabail

Agus ráitis tacaíochta dá dtionscnamh á mbailiú ag na heagraithe, déanann siad sonraí pearsanta na sínitheoirí a phróiseáil ar scála a d’fhéadfadh a bheith an-mhór. Tá ionadaí an ghrúpa d’eagraithe (nó an t-eintiteas dlíthiúil a cruthaíodh go sonrach chun an tionscnamh a bhainistiú, más ann dó) freagrach as na sonraí pearsanta sin a phróiseáil agus is é atá ina ‘rialaitheoir sonraí’.

I gcás ina ndéantar na ráitis tacaíochta a bhailiú agus/nó ráitis tacaíochta atá bailithe a aistriú tríd an lárchóras bailithe ar líne, maolóidh an Coimisiún Eorpach an fhreagracht atá ar na heagraithe trí fheidhmiú mar chomhrialaitheoir sonraí ar na hoibríochtaí próiseála sin.

I gcás ina mbíonn an líon ráiteas tacaíochta bailithe ag an ngrúpa d'eagraithe, ní mór na ráitis sin a thíolacadh chuig na húdaráis náisiúnta inniúla chun iad a fhíorú agus a dheimhniú. Measfar gurb iad na húdaráis náisiúnta na rialaitheoirí sonraí maidir leis na hoibríochtaí próiseála seo.

Ní mór don rialaitheoir sonraí na hoibleagáidí agus na rialacha maidir le cosaint sonraí atá sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a chomhlíonadh agus an comhlíonadh sin a chinntiú.

Príomhthéarmaí

Féach ar an ngluais a bhaineann le cosaint sonraí i gcomhthéacs an Tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh.

Cad iad na hoibríochtaí próiseála lena bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh na heagraithe iad faoin Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh?

  • Ráitis tacaíochta na sínitheoirí a phróiseáil:

Chun tacú le tionscnamh, ní mór do shínitheoirí foirm ráitis tacaíochta a chomhlánú ina gcuirtear tacar dá shonraí pearsanta ar fáil. I gcás ráitis tacaíochta atá sínithe ar líne lena n-úsáidtear ríomh-shainaitheantas, déantar na sonraí sin a iompórtáil ó chóras ríomh-shainaitheantais náisiúnta.

I gcás tionscnamh ina mbailítear an líon ráiteas tacaíochta is gá, déanfar na ráitis sin a thíolacadh chuig na Ballstáit chun iad a fhíorú agus a dheimhniú. Ní féidir úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta a bailíodh sna ráitis chun aon chríoch eile, amhail tacaíocht do thionscnaimh eile seachas an ceann dár tugadh iad, ná ní féidir na sonraí bailithe a aistriú chuig aon eagraíocht eile.

  • Seoltaí ríomhphoist na sínitheoirí a phróiseáil:

Seoltaí ríomhphoist na sínitheoirí sin ar mian leo go gcuirfí breis eolais chucu maidir le dul chun cinn an tionscnaimh atá sínithe acu, ceadaítear iad sin a bhailiú freisin ar bhonn roghnach.

Ní féidir seoltaí ríomhphoist a bhailiú mar chuid de na foirmeacha ráitis tacaíochta, ach is féidir iad a bhailiú go comhuaineach, ar choinníoll go gcuirtear na sínitheoirí ar an eolas nach bhfuil a gceart tacú le tionscnamh coinníollach ar a dtoiliú a gcuid seoltaí ríomhphoist a bhailiú.

Ní féidir na seoltaí ríomhphoist sin a úsáid ach amháin chun sínitheoirí ar mian leo go gcuirfear ar an eolas iad faoi dhul chun cinn an tionscnaimh atá sínithe acu. Ní féidir iad a úsáid chun aon chríoch eile, amhail tairiscintí tráchtála nó eolas faoi thionscnamh eile a chur ar fáil do shínitheoirí. Níl siad faoi réir fíorú ó na Ballstáit.

  • Sonraí pearsanta urraí an tionscnaimh a phróiseáil:

Thairis sin, sa Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh tá roinnt rialacha ar fáil maidir le sonraí urraí an tionscnaimh a phróiseáil

Sonraítear in Airteagail 17, 18, 19(1) agus 19(3) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh conas is féidir na sonraí sin a phróiseáil.

Rialú sonraí: cásanna a bhaineann le ráitis tacaíochta a bhailiú agus a aistriú

Tá dhá chás leathana ann:

Cás 1

Cás 2

  • déantar ráitis tacaíochta a bhailiú ar fhoirmeacha páipéir (rialú ionadaí an ghrúpa eagraithe, agus é sin amháin)
  • déantar ráitis tacaíochta a thíolacadh chuig údaráis inniúla na mBallstát lena bhfíorú trí mhodhanna an ghrúpa eagraithe (rialú ionadaí an ghrúpa eagraithe, agus é sin amháin) NÓ trí úsáid a bhaint as seirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin (rialú comhpháirteach idir an Coimisiún agus ionadaí an ghrúpa eagraithe).

Tabhair do d’aire:

  • Féadfaidh na heagraithe rogha a dhéanamh idir ráitis tacaíochta a bhailiú ar páipéar agus ar líne nó trí cheann amháin de na modhanna bailithe sin
  • Chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne, ní mór do na heagraithe an lárchóras bailithe ar líne a úsáid.
  • Má bhailíonn na heagraithe ráitis tacaíochta ar líne trí úsáid a bhaint as an lárchóras bailithe ar líne agus ar páipéar araon, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag rialacha éagsúla maidir leis na modhanna bailithe éagsúla sin.

Ceisteanna agus freagraí faoi chosaint sonraí do na heagraithe

  1. Lárchóras bailithe ar líne – cad iad na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún agus ar ionadaí an ghrúpa eagraithe mar chomhrialaitheoirí?
  2. Bailiú ar fhoirmeacha páipéir – cad iad na hoibleagáidí atá ar ionadaí an ghrúpa eagraithe mar rialaitheoir sonraí aonair?
  3. ‘Sonraí íogaire’ – cathain a cháilítear sonraí na sínitheoirí mar chatagóir speisialta sonraí?
  4. Slándáil – cad iad na bearta ba cheart duit a dhéanamh agus sonraí sínitheoirí á mbailiú ar páipéar?
  5. Slándáil – cad iad na riachtanais nuair a bhailíonn feachtasóirí deonacha nó feachtasóirí ar conradh ráitis tacaíochta ar páipéar?
  6. Cén uair agus conas ba cheart duit measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh?
  7. Cén dóigh ar cheart duit taifead ar phróiseáil sonraí a ullmhú?
  8. Cén ról atá ag Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS)?
  9. Cén t-eolas ba cheart duit a thabhairt do shaoránaigh agus a gcuid sonraí á mbailiú agat?
  10. Cad ba cheart a dhéanamh agus tú ag láimhseáil iarrtaí a bhaineann le próiseáil sonraí ó shínitheoirí?
  11. Cad ba cheart a dhéanamh i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta?
  12. Cén dliteanas atá ort mar rialaitheoir sonraí?
  13. Na ráitis tacaíochta bailithe a thíolacadh faoi bhráid na mBallstát lena bhfíorú – cé hé an rialaitheoir sonraí?
  14. Na ráitis tacaíochta bhailithe a thíolacadh faoi bhráid na mBallstát lena bhfíorú – cad iad na moltaí slándála?
  15. Na ráitis tacaíochta bailithe a thíolacadh faoi bhráid na mBallstát lena bhfíorú – cad iad na róil agus na freagrachtaí agus córas malartaithe comhad an Choimisiúin á úsáid?
  16. Cad iad na teorainneacha ama maidir le sonraí a choinneáil?
  17. Cé acu údarás náisiúnta maoirseachta ar cheart teagmháil a dhéanamh leis maidir le saincheisteanna a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil?
  18. Tacaíocht agus cistiú – cad faoi ar cheart duit a bheith ar an eolas agus sonraí pearsanta á bpróiseáil?

Ceisteanna agus freagraí faoi chosaint sonraí do shínitheoirí

Féach an rannán shonrach faoi Cheisteanna Coitianta

Cad iad na rialacha atá le comhlíonadh agus sonraí pearsanta á bpróiseáil?

Teagmhálaithe ar an leibhéal náisiúnta

  • Tá sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta atá freagrach as ráitis tacaíochta a fhíorú agus a dheimhniú le fáil anseo.
  • Tá sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí le fáil anseo.

Beartas príobháideachais an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhthéacs an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

Na ráitis phríobháideachais a úsáidtear le haghaidh na n-oibríochtaí próiseála éagsúla a dhéanann an Coimisiún Eorpach i gcomhthéacs chur chun feidhme ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh, foilsítear iad ar an suíomh gréasáin faoin mbeartas príobháideachais.

SÉANADH

Tá sé de chuspóir leis an treoir atá ann faoi láthair cur leis an tuiscint ar na ceanglais maidir le cosaint sonraí AE a bhaineann le hoibríochtaí próiseála dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (Rialachán TES). Is ag na téacsanna den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Rialachán maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí an Aontais (EUDPR) a bhfuil stádas dlí, agus acu siúd amháin. Ní féidir an treoir sin a chur in ionad an chreata dhlíthiúil is infheidhme, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, conarthaí ceangailteacha amhail comhaontuithe maidir le rialú comhpháirteach.

Sa treoir seo cuirtear faisnéis phraiticiúil ar fáil d’eagraithe tionscnamh ó na saoránaigh agus níor cheart a mheas go n-eascraíonn aon cheart infheidhmithe nó ionchas dlisteanach aisti. Go háirithe, tá an treoir seo gan dochar don fhreagracht atá ar ionadaí an ghrúpa eagraithe, mar rialaitheoir sonraí, de bhun Airteagal 5(2) de RGCS, oibleagáidí agus rialacha RGCS a chomhlíonadh agus a chinntiú.

Baineann an léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais le hinniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Na tuairimí a chuirtear in iúl sa treoir seo, tá siad gan dochar don seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Ós rud é gur léiriú é an treoir seo ar an úrscothacht tráth a dréachtaithe, ba cheart breathnú uirthi mar ‘uirlis bheo’ a d’fhéadfaí a fheabhsú agus d’fhéadfadh an t-ábhar atá ann a bheith faoi réir modhnuithe gan fógra.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?