Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Leathanaigh institiúidí an Aontais maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Naisc chuig suíomhanna gréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh ar a bhfuil eolas le fáil faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh:

An Coimisiún Eorpach

Is é an Coimisiún Eorpach a chláraíonn tionscnaimh nua agus a thugann freagra ar thionscnaimh rathúla. Ina theannta sin, bainistíonn sé suíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus an feachtas cumarsáide (in éineacht lena Ionadaíochtaí sna Ballstáit).

Parlaimint na hEorpa

Is í Parlaimint na hEorpa a eagraíonn éisteachtaí poiblí do thionscnaimh rathúla agus tá ról aici maidir le feasacht a mhúscailt faoin uirlis.

Liosta imeachtaí Pharlaimint na hEorpa maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Cuidíonn CESE chun feasacht a mhúscailt maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus maidir le líonrú na ngeallsealbhóirí. Ina theannta sin, is é a eagraíonn Lá Bliantúil an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

An Pas Eorpach um Dhaonlathas

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?