Tugann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) an deis do na saoránaigh tionchar díreach a imirt ar mhúnlú bheartais an Aontais. Trí thionscnamh a thosú nó a shíniú, is féidir le saoránaigh a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua de chuid an Aontais a mholadh maidir le saincheisteanna atá tábhachtach dóibh.
Má bhailíonn tionscnamh aon mhilliún síniú ó sheacht mBallstát ar a laghad, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an togra agus freagra oifigiúil a thabhairt.
Le linn an athbhreithnithe seo, iarrtar ar na heagraithe bualadh leis an gCoimisiún agus a gcuid smaointe a chur i láthair ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa, sula gcinnfidh an Coimisiún aon ghníomhaíocht a dhéanamh.
Tríd an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ní hamháin go gcuireann na saoránaigh a dtuairimí in iúl, ach is féidir leo cuidiú chun clár oibre beartais an Aontais a leagan síos freisin, agus gníomhaíocht a dhéanamh de smaointe comhroinnte.
Príomhfhigiúirí
Is in 2012 a tugadh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh isteach mar bhealach nua do na saoránaigh a dtuairimí a chur in iúl i ndáil le beartais an Aontais. Ó shin i leith, chuir sé ar a gcumas do bhreis agus 20 milliún saoránach saincheisteanna a chur ar chlár oibre an Aontais, tionchar a imirt ar dhíospóireachtaí i bParlaimint na hEorpa, agus dlíthe nua de chuid an Aontais a spreagadh.
An tionchar a bhíonn ag Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh ar do shaol laethúil
Tá cásanna ann inar mhúnlaigh TESanna beartas agus díospóireacht phoiblí an Aontais, agus inarb iad ba chúis le fíorathrú feiceálach:
Uisce níos glaine agus níos sábháilte do cháchA bhuí leis an tionscnamh ‘Right2Water’, forchuireann dlí an Aontais caighdeáin níos airde i ndáil le cáilíocht uisce agus feabhsaíonn sé rochtain ar uisce óil sábháilte in áiteanna poiblí. Tá scairdeáin uisce á gcur isteach ag cathracha i bpáirceanna, i stáisiúin agus i scoileanna, agus tá rialtais ag cur feabhas ar an rochtain atá ag grúpaí leochaileacha, rud a fhágann gur éasca a bhíonn sé freastal ar bhunriachtanas.
Tuilleadh trédhearcachta faoin mbia a ithimidTar éis do shaoránaigh a éileamh go gcuirfí toirmeasc ar ghliofosáit agus go ndéanfaí athchóiriú ar an nós imeachta um lotnaidicídí a fhormheas, ceanglaítear anois le rialacha nua trédhearcachta nach mór gach staidéar sábháilteachta bia a chuirtear faoi bhráid údaráis an Aontais a bheith poiblí, rud a thugann an ceart do dhaoine a bheith ar an eolas faoin mbonn ar ar deonaíodh formheasanna.
Brú chun lotnaidicídí a laghdú agus an dúlra a athshlánúChuidigh ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí!’ chun tograí an Aontais a chur chun cinn i leith úsáid lotnaidicídí a laghdú agus an dúlra a athbhunú. Neartaigh an t-éileamh poiblí sin an toil pholaitiúil gníomhú ar son na bithéagsúlachta agus ar son thodhchaí na feirmeoireachta.
Rochtain níos fearr ar sheirbhísí ginmhillte atá ar fáil go dlíthiúil, iad inacmhainne agus sábháilteAithníonn freagra an Choimisiúin Eorpaigh ar ‘Mo Ghuth, Mo Rogha’ gur saincheist sláinte poiblí atá sa ghinmhilleadh neamhshábháilte, agus cuireann sé i bhfios go láidir go bhféadfaidh na Ballstáit, más mian leo, Ciste Sóisialta na hEorpa+ a úsáid chun feabhas a chur ar rochtain chomhionann ar sheirbhísí ginmhillte shábháilte atá ar fáil go dlíthiúil agus atá inacmhainne.
Móiminteam chun srian a chur le tástáil ar ainmhitheDe thoradh an tionscnaimh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’, chuir an tAontas tús le treochlár chun deireadh a chur de réir a chéile le tástáil ar ainmhithe agus measúnú á dhéanamh ar shábháilteacht ceimiceán agus chun dlús a chur le húsáid modhanna taighde malartacha, rud a chosnaíonn ainmhithe agus a thacaíonn le nuálaíocht san eolaíocht ag an am céanna.
Cosaint níos fearr do speicis atá faoi bhagairtMar thoradh ar bhrú na saoránach tríd an tionscnamh ‘Cuirtear deireadh le teascadh eití – Cuirtear deireadh leis an trádáil’, tháinig cóid chustaim nua isteach a chuireann ar chumas na n-údarás trádáil eití siorcanna a rianú i gceart. Leis na cóid sin, déantar lúba ar lár a dhúnadh agus an trédhearcacht a neartú, agus ag an am céanna, tacaítear le hiarrachtaí leanúnacha an Aontais agus idirnáisiúnta feabhas a chur ar fhorfheidhmiú rialacha agus ar chosaint do shiorcanna.
Céimeanna nithiúla i dtreo deireadh a chur le húsáid cásanna san fheirmeoireacht agus le táirgeadh fionnaidhTar éis na dtionscnamh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’ agus ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’, sheol an tAontas athbhreithnithe eolaíocha, cuairteanna allamuigh agus measúnuithe dlíthiúla atá ag cur leis na cinntí atá ar na bacáin i leith leas ainmhithe.
I mbeagán focal: Tugann TESanna deis díreach do na saoránaigh dlí an Aontais a mhúnlú, agus tá na torthaí le feiceáil cheana féin – sa dóigh a n-ólaimid uisce, sa dóigh a rialaítear sábháilteacht bia, agus sa dóigh a gcosnaítear an dúlra. Sin cumhacht na saoránach i bhfoirm beartais.
Fiú nuair nach molann an Coimisiún dlí nua dá thoradh, is féidir le TES torthaí fiúntacha a bhaint amach fós. Is minic a tharraingíonn tionscnaimh aird ar shaincheisteanna móra, rud as a n-eascraíonn beartais fheabhsaithe, forfheidhmiú níos fearr ar na rialacha atá ann cheana, agus uirlisí feabhsaithe monatóireachta, mar shampla
Eolas mionsonraithe faoin obair leantach ar TESanna ar éirigh leo

D’fhéach an tionscnamh seo le feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí ginmhillte shábháilte dhlíthiúil do mhná san Eoraip nach bhfuil an rochtain sin acu faoi láthair.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2026.

D’iarr an tionscnamh seo go dtacódh an beartas comhtháthaithe le forbairt réigiún atá leithleach ó thaobh cultúir de agus le rochtain chomhionann ar chistí an Aontais.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2025.

D’fhéach an tionscnamh seo le deireadh a chur le húsáid agus trádáil fionnaidh san Aontas.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2023.

Ba é ab aidhm don tionscnamh seo neartú a dhéanamh ar an toirmeasc ar thástáil ar ainmhithe le haghaidh cosmaidí agus nuachóiriú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023.

D’iarr an tionscnamh seo go gcuirfí deireadh le teascadh eití siorcanna agus le trádáil idirnáisiúnta na n-eití siorcanna.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023.

Ba é ab aidhm don tionscnamh seo cleachtais talmhaíochta atá neamhdhíobhálach do bheacha agus laghdú níos láidre ar lotnaidicídí a chur chun cinn.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2023.

D’fhéach an tionscnamh seo le deireadh a chur de réir a chéile le húsáid córas cásanna san fheirmeoireacht ainmhithe.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021.

D’fhéach an tionscnamh seo le cosaint níos láidre a thabhairt do mhionlaigh náisiúnta agus theanga agus don éagsúlacht chultúrtha.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2021.

Ba é ab aidhm don tionscnamh seo toirmeasc a chur ar ghliofosáit agus trédhearcacht measúnaithe riosca a threisiú.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017.

D’iarr an tionscnamh seo go n-aistreofaí ó thástáil ar ainmhithe i dtreo modhanna tástála gan ainmhithe a úsáid.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2015.

D’iarr an tionscnamh seo go gcuirfí deireadh le maoiniú agus gníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann le suthanna daonna a scriosadh sa taighde, sa chabhair um fhorbairt agus sa tsláinte phoiblí.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2014.

Ba é ab aidhm don tionscnamh sin uisce agus sláintíocht a aithint mar chearta an duine agus soláthar uisce agus sláintíochta a chur chun cinn mar sheirbhísí poiblí riachtanacha do chách.
Fuair an tionscnamh sin freagra ón gCoimisiún an 19 Márta 2014.
Tuilleadh eolais
Féach leat fíorthaithí agus ceachtanna a foghlaimíodh ó eagraithe ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Treoir céim ar chéim ón gclárú go dtí an obair leantach.
Féach treoraíocht phraiticiúil Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus comhairle ó na saineolaithe sula dtosaí tú.

- Foilseacháin Ghinearálta
- 20 Márta 2026
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(818.81 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(809.52 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(817.96 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(809.95 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(807.59 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(780.25 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(818.88 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(662.68 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(809.25 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(812.55 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(805.22 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(802.24 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(795.36 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(814.01 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(817.64 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(791.35 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(836.93 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(812.29 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(830.8 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(815.84 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(818.72 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(795.27 KB - PDF)
- European citizens’ initiative: From your signature to EU action!(808.34 KB - PDF)

