Is éard atá i ngiúiré chomórtas físeán ImagineEU ná ionadaithe ó phobal TES ó institiúidí den Aontas, údaráis náisiúnta agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, mar aon le hoiliúnaithe óga ón gCoimisiún Eorpach.
Rudiger Boogert
Ceann Aonaid san Aonad um Thosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre an Choimisiúin in Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, freagrachtaí an Choimisiúin maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh san áireamh.
Roimhe seo, bhí sé i gceannas ar an aonad atá freagrach as an mbainistíocht airgeadais straitéiseach in Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú, agus d’oibrigh sé freisin in dhá Cabinet le Comhaltaí den Choimisiún. Sula raibh sé ag obair leis an gCoimisiún, d’oibrigh Rudiger in údarás riaracháin na hÍsiltíre, sa Roinn Airgeadais, in Oifig an Phríomh-Aire agus le Buanionadaíocht na hÍsiltíre chuig an Aontas Eorpach.
Loránt Vincze
Feisire de Pharlaimint na hEorpa ag déanamh ionadaíocht ar an Rómáin, Grúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh, toghadh é in 2019.
Tá céim mháistreachta ag an bhFeisire Vincze sa riarachán poiblí agus seirbhísí r-rialtais. D’oibrigh sé in earnáil na meán sa Rómáin roimh dó bogadh chun na Beilge le tabhairt faoi ról mar Chúntóir Parlaiminteach Creidiúnaithe in 2009. Is comhalta gníomhach é de Chomhaontas Daonlathach na nUngárach sa Rómáin (RMDSZ) agus bronnadh Ord Fiúntais na nUngáire, Cros na nOifigeach air, in 2021.
Violeta Jelić
Comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ó bhí 2013 ann. Ó 2015, tá sí ina Leas-Uachtarán ar Ghrúpa na bhFostóirí in CESE agus in 2023 ainmníodh í mar Uachtarán ar Ghrúpa Ad hoc CESE ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
Tá Violeta ina ball de Chomhlachas Ceirdeanna agus Ceardaíochta na Cróite le 14 bliana anuas, grúpa a dhéanann ionadaíocht ar leasanna fiontraithe beaga agus meánmhéide. Le 11 bhliain anuas, tá sí ina comhairleoir freisin don chomhar idirnáisiúnta agus an tAontas, agus tá sí ina hard-rúnaí ar Chomhlachas Ceirdeanna agus Ceardaíochta na Cróite.
Idir 2000 agus 2009, fuair sí taithí ar bheith ag obair le heagraíochtaí daonnúla idirnáisiúnta, le cumainn agus leis an tsochaí shibhialta. Is ollamh í le socheolaíocht freisin agus tá sí páirteach i roinnt eagraíochtaí áitiúla a dhíríonn ar shaincheisteanna sóisialta.
Armela Brocaj
Oiliúnaí BlueBook le hArdrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh.
Tá cúlra ag Armela sa Riarachán Poiblí, sa Bhainistíocht Phoiblí agus i nGnóthaí Poiblí na hEorpa, agus rinne sí staidéar ar bheartais éagsúla ar leibhéil éagsúla rialtais. Creideann Armela go bhfuil tábhacht ar leith ag rannpháirtíocht saoránach, go háirithe rannpháirtíocht na n-óg, maidir le saincheisteanna tráthúla a chur os comhair lucht ceaptha beartas agus maidir le beartas a mhúnlú. Ar an mbonn sin, is mór an onóir di páirt a ghlacadh i gcomórtas #ImagineEU mar bhall den ghiúiré, agus tá sí ag súil leis na beartais éagsúla atá molta ag óige na hEorpa a fheiceáil.
Rafał Dymek
Príomh-shaineolaí ag Fondúireacht Schuman, Vársá.
Tá céim ag Rafał san eolaíocht pholaitiúil ó Ollscoil Vársá agus iarchéim sa bhainistíocht ó Scoil Eacnamaíochta Vársá. Is speisialtóir é i saincheisteanna maidir le cúrsaí socheacnamaíocha i dtíortha roghnaithe de chuid an Aontais, le beartas Eorpach na Polainne, le feidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gcinnteoireacht san Aontas.
Ina theannta sin, tá spéis ag Rafał i ngnéithe áirithe d’fheidhmiú an tríú hearnáil sa Pholainn, rialacháin san áireamh lena rialaítear a gníomhaíochtaí. Thar ceann na Fondúireachta, comhalta den Choiste Comhaontaithe Comhpháirtíochta le haghaidh 2021-27.
Giorgia Ferraro
Oiliúnaí BlueBook i dTascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta an Choimisiúin Eorpaigh.
Tá bunchéim ag Giorgia sa Pholaitíocht, san Fhealsúnacht agus san Eacnamaíocht agus máistreacht dhúbailte aici i gCúrsaí Rialtais, Riaracháin agus Polaitíochta ó Luiss Guido Carli na Róimhe agus Ollscoil ULB na Bruiséile. Bhí Giorgia ina cuid den Fhoireann Clársceidealaithe Oideachais ag Pavilion na hIodáile ag Mórthaispeántas Domhanda 2020 in Dubai, agus bhí sí ar an gcead bhean a bhí ina Príomheagraí agus Ceadúnaí ar chomhdháil TEDxLuiss. Is léi ceann de na guthanna i bhfeachtas domhanda Cisco, “Guthanna na Todhchaí”.
Iva Gjurić Smrekar
Uachtarán na heagraíochta neamhrialtasaí Lota’s Box, bunaithe i Ságrab na Cróite.
Tá máistreacht ag Iva san Eacnamaíocht agus tá bunchéim aici sa Staidéar Eorpach, agus tar éis di roinnt blianta a chaitheamh i mbun oibre in earnáil an ghnó, d’éirigh sí ní ba ghníomhaí san earnáil neamhbhrabúis 15 bliana ó shin. D’oibrigh sí go deonach i róil éagsúla ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta, agus ina dhiaidh sin ba é a cúlra sa staidéar Eorpach a spreag í le díriú isteach ar luachanna sibhialta agus Eorpacha, go háirithe agus í ag úsáid uirlisí daonlachais rannpháirtíochta chun tacú léi, amhail an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
Camila Henao
Ambasadóir TES thar ceann Chomhlachas MIRA, an Spáinn, ó bhí 2023 ann.
Tá sí i mbun Máistreachta i gCearta Bunúsacha faoi láthair. Is oibrí deonach í Camila i ngníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann le rannpháirtíocht saoránach.
Assya Kavrakova
Stiúrthóir Feidhmiúcháin Sheirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS) - eagraíocht ballraíochta uile-Eorpaí a bhfuil níos mó ná 30 bliain taithí aici saoránaigh a chumhachtú agus i bhfeachtasaíocht le haghaidh Eoraip atá ionchuimsitheach, trédhearcach agus daonlathach.
Tá taithí 25 bliana ag Assya, agus tá cur amach iontach aici ar na sásraí um Shaoránacht Eorpach agus sásraí rannpháirtíochta saoránach an Aontais, an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh san áireamh.
Tá Assya go mór i bhfabhar saoránaigh a chumasú go digiteach agus an daonlathais digitigh, agus tá sí in ball freisin de Sheansailéireacht Dhuais an tSaoránaigh Eorpaigh de chuid Pharlaimint na hEorpa agus tá sí ina comhalta de Bhord EUobserver - https://euobserver.com/ - nuachtán neamhspleách neamhbhrabúis ar líne.
Austeja Linartaite
Oiliúnaí BlueBook ag Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte, an Oideachais agus an Chultúir.
Tá céimeanna ag Austeja san Eolaíocht Bhithleighis agus san Fhorbairt Inbhuanaithe, agus a bhuí leis an taithí sin tá tuiscint ar leith aici ar shaincheisteanna práinneacha na linne seo. Roimhe seo d’oibrigh sí le daoine óga in eagraíocht neamhrialtasach a bhí dírithe ar an oideachas cothrom san eolaíocht chothrom a chur chun cinn, agus bhí sí ina ceannaire ag campa samhraidh do na healaíona cruthaitheacha, agus tá taithí phearsanta aici ar an gcumhacht, ar an tsamhlaíocht agus ar an nuálaíocht a léiríonn daoine óga agus iad ag féachaint le fadhbanna áitiúla agus domhanda a réiteach. Tá áthas ar Austeja go bhfuil scoth na hEorpa le feiceáil sa chomórtas seo!
Carlos Medeiros
Comhordaitheoir an Aonaid Faisnéise agus Cumarsáide, Ionad Eolais Eorpaigh Jacques Delors, atá ina chuid d’Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Portaingéile ó bhí 2008 ann.
Tá céim ag Carlos sa Tíreolaíocht agus sa Phleanáil Réigiúnach ó FCSH-UNL. Bhain sé amach a chéim sa Staidéar Eorpach in 1989 agus san Eolaíocht Faisnéise agus Doiciméadúcháin 2006. Is taighdeoir é ag CICS.NOVA agus tá sé i mbun PhD faoi láthair sa Tíreolaíocht agus sa Phleanáil Spásúlachta ag FCSH-UNL. Tugann sé léachtaí agus labhraíonn sé ag seimineáir agus comhdhálacha. Tá comhoibriú déanta ag Carlos ar chomhshaothair, go háirithe Dictionary of Great European Figures [Foclóir Phearsana Móra na hEorpa] a foilsíodh le déanaí.
Konstantina Mintzoli
Straitéisí Sinsearach Cumarsáide (gnóthaí AE) atá ag obair ar fheachtas cumarsáide an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Tá máistreacht ag Konstantina san imirce idirnáisiúnta agus tá máistreacht aici freisin sa straitéis pholaitiúil agus cumarsáid. Roimhe seo, d’oibrigh sí i róil éagsúla a bhaineann leis an gcumarsáid sna Náisiúin Aontaithe agus i ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais.
Mindaugas Mizaras
Comhairleoir sa Rannán Oiliúna agus Cumarsáide i Lár-Choimisiún Toghcháin (CLT) Phoblacht na Liotuáine.
Chuir Mindaugas tús lena ghairm bheatha mar Phríomhspeisialtóir i Rannán Teicneolaíochta Faisnéise CLT in 2015. Tugadh cuireadh dó tabhairt faoi ról nua in 2016, nuair a cruthaíodh rannán nua oiliúna agus cumarsáide.
Tá sé freagrach as oiliúint a sholáthar do na páirtithe leasmhara uile (iarrthóirí agus a n-ionadaithe, comhaltaí na gcoimisiún toghcháin, vótálaithe, agus mar sin de) agus as monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an oiliúint sin. Déanann sé caidreamh a chomhordú le páirtithe leasmhara de chuid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, agus soláthraíonn sé eolas agus cúnamh mar ionadaí den Phointe Teagmhála Náisiúnta.
Rachele Raspante
Oibríonn Rachele sa Roinn um Ghnóthaí Eorpacha in Uachtaránacht Chomhairle na nAirí san Iodáil.
Tá taithí aici sa riarachán poiblí, tar éis di beagnach 20 bliain a chaitheamh i mbun oibre sa Roinn Cosanta, mar a raibh sí ag plé le trédhearcacht agus le cúrsaí frithéillithe. Tá suim aici in go leor rudaí: am a chaitheamh lena muintir agus lena cairde; taisteal; aithne a chur ar chultúir éagsúla; léitheoireacht; scríbhneoireacht (foilsíodh dhá úrscéal léi roinnt blianta ó shin, agus tá sí ag smaoineamh ar cheann eile a scríobh). Is breá léi obair dheonach freisin, go háirithe le leanaí.
Daniela Vancic
Bainisteoir an Chláir Eorpaigh ag Democracy International ó bhí 2017 ann.
Déanann Daniela bainistiú ar phríomhthionscadail agus príomhghníomhaíochtaí de chuid Democracy International ar leibhéal an Aontais. Déanann sí monatóireacht agus gníomhaíonn sí maidir le forbairtí a bhfuil baint acu le todhchaí daonlathach an Aontais agus déanann sí cuid mhór oibre freisin ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES), oiliúint faoin tionscnamh agus cur chun cinn an tionscnaimh san áireamh. Ina theannta sin, tá Daniela go mór i bhfách athbhreithniú a dhéanamh ar TES agus an uirlis a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr, agus cuireann sí cúnamh feachtasaíochta ar fáil d’eagraithe TES, go háirithe trí Fhóram TES. Tá máistreacht aici sa Chaidreamh Idirnáisiúnta agus bhí sí ina feachtasóir le Páirtí Daonlathach na Stát Aontaithe i Michigan roimh di dul i mbun oibre le foireann Democracy International.