
Eagraíocht neamhbhrabúsach atá bunaithe ar bhallraíocht is ea Gluaiseacht na hEorpa - Éire, a oibríonn chun an nasc idir an Eoraip agus Éire a neartú.
Oibríonn Gluaiseacht na hEorpa - Éire chun gluaiseacht phoiblí ar son an Aontais Eorpaigh a fhorbairt ina n-oibrítear le chéile chun Aontas Eorpach síochánta forásach daonlathach a thógáil a rachaidh chun tairbhe do chách ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de.
Is é is aidhm dóibh líonra saoránach cumhachtaithe agus sochaí sibhialta a fhorbairt in Éirinn, a mbeidh an cumas, an t-eolas agus an t-inspreagadh aige chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí an Aontais agus tionchar a imirt orthu.
