Nuacht (241)
RSSBeidh an chéad eagrán eile de Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar siúl Dé Máirt, an 3 Márta 2026, mar chuid de Sheachtain na Sochaí Sibhialta. Is é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a eagraíonn an t-imeacht faoin teideal ‘Daoine, Daonlathas, Athléimneacht – Ár dTodhchaí!’

Tionólfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí an 2 Márta maidir leis an 13ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis, is é sin ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach’.

An 10 Feabhra, rinne an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, mar atá ‘Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad’, a chlárú go páirteach.




