Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Tá tionscnamh ó na saoránaigh maidir le madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe cláraithe go páirteach ag an gCoimisiún

  • Fógra nuachta
  • 10 Feabhra 2026
  • Ard-Rúnaíocht
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
New initiative registered

An 10 Feabhra, rinne an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, mar atá ‘Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad’, a chlárú go páirteach. 

Iarrann na heagraithe ar an gCoimisiún ‘neartú a dhéanamh ar chosaint madraí fáin, cat fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe san Aontas, agus a chinntiú nach gcuirfidh gníomhaíocht an Aontais i dtríú tíortha le fulaingt ainmhithe’. 

Níor chomhlíon roinnt gnéithe de chuspóirí na n-eagraithe na critéir inghlacthachta chun tionscnamh ó na saoránaigh a chlárú, agus sin an fáth ar cláraíodh go páirteach é. Féach an Cinneadh ón gCoimisiún le haghaidh tuilleadh sonraí. 

Lean an clárú páirteach nós imeachta dhá chéim inar iarradh ar na heagraithe, mar chéim thosaigh, a dtionscnamh tosaigh a leasú, agus an chéad mheasúnú ón gCoimisiún á chur san áireamh.  

Tá sé mhí ag na heagraithe chun bailiúchán na sínithe a oscailt.  

Foinsí

Sonraí

Dáta foilsithe
10 Feabhra 2026 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 10 Feabhra 2026)
Údar
Ard-Rúnaíocht
Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?