Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 10 mbliana an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

  • Fógra nuachta
  • 20 Bealtaine 2022
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
Logo ECIDay2022

 

Is é an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a chomhpháirtithe a eagróidh eagrán 2022 de Lá an Tionscnaimh ó na Saoránaigh, agus díreofar an lá sin ar an téama ‘An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh 10 mbliana ar aghaidh: réidh don todhchaí?’ Freastalóidh Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht, Dubravka Šuica air.

Mar chuid den ócáid, eagróidh an Coimisiún Eorpach ceardlann maidir leis an Lárchóras Bailithe Ar Líne le tacaíocht ó Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Tá sé mar aidhm leis freisin aiseolas a bhailiú ó úsáideoirí agus ó pháirtithe leasmhara chun feabhas leanúnach a chur ar an gcóras.

Ócáid hibrideach a bheidh ann, agus beidh daoine rannpháirteach sa Bhruiséil nó ar líne. Is féidir clárú go dtí an 25 Bealtaine

 

Foinsí

Sonraí

Dáta foilsithe
20 Bealtaine 2022
Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?