
I gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tugadh an deis d’eagraithe ‘Stop Destroying Videogames’ cuspóirí a dtionscnaimh a mhíniú go mion. Chuir an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas, Henna Virkkunnen, agus an Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas, an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, Michael McGrath, in éineacht le hoifigigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, fáilte rompu an 23 Feabhra 2026.
Foinsí
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 24 Feabhra 2026 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 24 Márta 2026)
- Údar
- Ard-Rúnaíocht
