Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil

Tíolacadh agus scrúdú

Cuireadh an tionscnamh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’ faoi bhráid an Choimisiúin an 11 Eanáir 2023, tar éis dó 1,119,996 ráiteas tacaíochta fíoraithe a bhailiú. Léigh an preasráiteas.

An 6 Feabhra 2023 bhuail na heagraithe le Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht de chuid an Choimisiúin, agus le Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach. Féach an preasráiteas agus na grianghraif.

Reáchtáladh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 27 Márta 2023. Féach an taifeadadh.

Pléadh an tionscnamh ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 11 Bealtaine 2023. Féach an taifeadadh.

Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 5 Iúil 2023 ina leagtar amach a fhreagra ar an tionscnamh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’. Féach an phreaseisiúint.

Freagra ón gCoimisiún Eorpach

Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (572.7 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (554.66 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (564.32 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (558.14 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (559.5 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (546.97 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (735.66 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (571.76 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (512.24 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (561.69 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (540.89 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (559.9 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (559.26 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (548.14 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (554.56 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (542.76 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (561.32 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (547.41 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (511.51 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (563.73 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (559.69 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (545.89 KB - PDF)
  • Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
    (558.25 KB - PDF)

 

Príomhchonclúidí na Teachtaireachta:

Geallann an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

● Tús a chur, gan mhoill, leis an obair ullmhúcháin d’fhonn measúnú tionchair a sheoladh, faoi dheireadh 2023, ar na hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an mbeartas ‘eití orthu ó nádúr’ a chur i bhfeidhm maidir le siorcanna a chur ar mhargadh an Aontais, bíodh sin laistigh den Aontas nó le haghaidh trádáil idirnáisiúnta (iompórtálacha agus easpórtálacha).

● Faoi dheireadh 2024, eolas níos mionsonraithe a sholáthar i dtaca le hiompórtálacha agus le heaspórtálacha an Aontais chun staitisticí maidir le trádáil táirgí siorcanna a fheabhsú.

● Na bearta inrianaitheachta láidre atá ag an Aontas cheana féin a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr trí neartú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú dhlí an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir leis an slabhra luacha ar fad - rialú na hiascaireachta ar muir, inrianaitheacht iomlán táirgí siorcanna ó thabhairt i dtír go dtí tomhaltóirí, faisnéis do thomhaltóirí, agus trádáil neamhdhleathach a chosc agus a cheartú - agus trína chinntiú go mbaileoidh agus go dtuairisceoidh iascairí agus údaráis na mBallstát faisnéis iomlán iontaofa i ndáil leis na gnéithe sin go léir.

● Dlús a chur le gníomhaíocht idirnáisiúnta an Aontais, mar atá: tacú le toirmeasc domhanda ar eite-theascadh siorcanna agus cur chun feidhme éifeachtach na mbeart caomhnaithe agus bainistithe do speicis siorcanna a neartú; an t-éileamh ar eití siorcanna a laghdú; agus gáinneáil ar eití siorcanna a chomhrac.

 

An 13 Iúil 2023 bhuail an Coimisinéir Virginijus Sinkevičius le heagraithe an tionscnaimh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’ chun freagra an Choimisiúin ar an tionscnamh a phlé.

Obair leantach

Tá eolas mionsonraithe le fáil ar leathanach dul chun cinn an tionscnaimh seo. Is féidir teacht air an leathanach sin ar leathanach ginearálta an Aontais maidir le cosaint agus bainistiú siorcanna.

 

Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?