Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Sínigh nó tosaigh tionscnamh

Is deis ar leith duitse an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun cuidiú a thabhairt an tAontas Eorpach a mhúnlú trí thathant ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh. Ar 1 mhilliún síniú a bheith bailithe le haghaidh tionscnaimh, cinnfidh an Coimisiún cé na bearta is gá a dhéanamh. Féach conas a n-oibríonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, céim ar chéim

Má smaoiníonn tú ar thionscnamh a thosú, téigh i gcomhairle le Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun comhairle dlí agus phraiticiúil a fháil.

An scéala is déanaí

New initiative registered
  • 04/03/2026
New initiative registered: ‘European Public Social Network’
Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

On 4 March, the European Commission registered a European citizens' initiative entitled ‘European Public Social Network’.

The initiative invites the Commission to establish, through a legislative act, “a public social media platform at the European level”.

The initiative organisers have six months to open the signature collection.

Star award icon
  • 26/02/2026
Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an tionscnamh ‘Mo Ghuth, Mo Rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’

Inniu ghlac an Coimisiún Eorpach a fhreagra ar an 12ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis: ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’. Bhailigh an tionscnamh os cionn 1.1 milliún síniú bailí ó shaoránaigh ar fud an Aontais agus baineadh amach na tairseacha ba ghá i 19 gcinn de Bhallstáit.

Léigh an teachtaireacht ón gCoimisiún.

 

Visit of the organisers of the European citizens' initiative "Stop Destroying Videogames", to the European Commission
  • 24/02/2026
Fáilte curtha ag an gCoimisiún Eorpach roimh eagraithe an 14ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis

I gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tugadh an deis d’eagraithe ‘Stop Destroying Videogames’ cuspóirí a dtionscnaimh a mhíniú go mion. Chuir an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas, Henna Virkkunnen, agus an Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas, an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, Michael McGrath, in éineacht le hoifigigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, fáilte rompu an 23 Feabhra 2026.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?