Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais - Cuir do thuairim in iúl le huirlisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh do scoileanna’

Daonlathas an Aontais-Cuir do thuairim in iúl le huirlisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais - Cuir do thuairim in iúl le huirlisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh do scoileanna’

Is é is aidhm do na huirlisí oideachasúla an t-eolas agus na scileanna a thabhairt do dhaltaí chun go mbeidh siad in ann a bheith ina saoránaigh ghníomhacha rannpháirteacha de chuid an Aontais. Mar chuid den phróiseas sin, díríonn na huirlisí ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh tuiscint shoiléir ag na daltaí ar chuspóir an Tionscnaimh ó na Saoránaigh, an chaoi a n-oibríonn sé, an seasamh atá aige i gcomhthéacs níos forleithne an daonlathais san Aontas, sin agus an chaoi ar féidir leo leas a bhaint as chun athrú a dhéanamh sa saol. 

Tá na huirlisí dírithe ar mheánscoileanna agus is féidir iad a úsáid ar bhealach solúbtha mar chuid de cheachtanna saoránaíochta nó mar chuid de cheacht a bhaineann úsáid as cur chuige ábharbhunaithe. Tá siad le fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Is féidir na huirlisí a úsáid sa teanga náisiúnta, i rang teanga iasachta nó mar chuid de chúrsa FCÁT.  

Tá leagan digiteach agus leagan clóite de na huirlisí oideachasúla le fáil.

Leagan clóite a iarraidh Na nithe a íoslódáladh

An méid atá le rá ag múinteoirí

Flags

Cuidíonn na huirlisí go mór chun daltaí a chur ar an eolas faoi stair an Aontais agus faoi na beartais agus an obair a dhéanann sé. Tá na hábhair go léir éasca le húsáid agus ullmhaithe go maith don seomra ranga. Is acmhainn mhaith é pacáiste na ndaltaí do dhaltaí chun nótaí a ghlacadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an méid atá á fhoghlaim acu.

Múinteoir meánscoile a d’úsáid na huirlisí
Flags

Ba é an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm féin agus ar mo chuid daltaí an méid a d’fhoghlaim siad, ar bhealach chomh tarraingteach agus chomh gonta sin, faoi ábhar a ndéantar faillí air de ghnáth ar scoil. Bhí na hábhair thagartha a bhí ar fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais fite fuaite sna ceachtanna agus sna gníomhaíochtaí. Cuireadh acmhainní sonracha faoi bhráid na bhfoghlaimeoirí agus tascanna nithiúla ag dul leo, ionas go bhféadfaidís an nasc leis na doiciméid a fheiceáil gan a bheith ag mothú go bhfuil siad faoi bhrú ag méid an ábhair.

Múinteoir meánscoile ón bPolainn a rinne píolótú ar na huirlisí
Spanish flag

D’iarr mé a dtuairimí ar mo chuid daltaí, agus thaitin siad go mór leo. Ní raibh mórán eolais acu faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh roimhe sin, ach chuir siad an-spéis sna hábhair. An cur chuige a roghnaíodh chun an t-eolas a chur i láthair agus chun bheith ag obair leis, chuaigh an méid sin i gcion orthu, agus thaitin na físeáin leo go háirithe. Dar leo, bhí siad gearr agus soiléir.

Múinteoir meánscoile ón Spáinn a rinne píolótú ar na huirlisí

Cur síos gairid ar na huirlisí

Open booklet featuring pages from the teacher's pack; on-screen text: "Classroom guide on EU democracy"
Cad é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh?

Cuireann an Tionscnamh Eorpach na Saoránach ar chumas shaoránaigh an Aontais tionchar a imirt ar bheartais an Aontais trí na saincheisteanna is mó tábhacht dóibh a chur ar chlár oibre an Aontais. Faoi thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, tugtar le chéile daoine ó thíortha éagsúla san Aontas chun sínithe a bhailiú agus chun tathant ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh i réimsí ina bhfuil cumhachtaí ag an gCoimisiún. Is bealach é le tús a chur le díospóireacht pholaitiúil agus le feasacht a ardú, ón mbun aníos, i dtaca le hábhair áirithe a gcuireann daoine ar thaobhanna éagsúla de theorainneacha spéis iontu, agus a dtugann le chéile iad. Seoladh an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh in 2012, agus tá ag éirí go maith anois leis, agus roinnt tionscnamh curtha chun cinn a raibh tograí nithiúla dlí ón gCoimisiún Eorpach mar thoradh orthu.

Cad iad na hábhair a chlúdaítear sna huirlisí?

Tá ceithre aonad théamacha mar chuid de na huirlisí agus dírítear mar chuid de gach ceann acu ar théama ar leith. Bogann siad ó eolas ginearálta faoin Aontas Eorpach go dtí eolas sonrach agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh mar seo a leanas: 

  1. Réamhrá gairid maidir leis an Aontas Eorpach
  2. An Daonlathas san Aontas Eorpach
  3. An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
  4. Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a fhorbairt agus a chur chun cinn
Cad iad na hábhair atá le fáil sna huirlisí?
  • Pacáiste an Mhúinteora ina bhfuil treoracha do gach ceart, leabhrán na bhfreagraí, eolas breise agus naisc chun tuilleadh taighde a dhéanamh.
  • Pacáiste an Dalta lena úsáid sa rang agus don obair bhaile chun dul siar agus tuilleadh taighde a dhéanamh. Cuirtear naisc ar fáil chuig suíomhanna gréasáin atá le fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.
  • Cur i láthair PowerPoint le húsáid sa rang le téacs agus físeáin (roghnach) mar chuid díobh.
  • Naisc chuig comhaid físe. Na físeáin go léir a úsáidtear sa mhodúil, tá siad le fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas.
  • Gníomhaíochtaí roghnacha i ngach aonad, iad le déanamh ar obair thionscadail.
  • Bileog eolais chun tuilleadh a fhoghlaim faoi stair an Aontais Eorpaigh.
  • Bileog eolais faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais.
  • Quiz deiridh. 
Cad iad na modheolaíochtaí a úsáidtear?

Dearadh an t-ábhar chun úsáid a bhaint as roinnt cur chuige teagaisc/foghlama, is iad sin: 

  • Cur i láthair díreach
  • Plé grúpa
  • Obair ghrúpa
  • Obair thionscadail
  • Staidéar aonair
  • Taighde
  • Réiteach fadhbanna
  • Rólimirt
  • Taifead a dhéanamh

Íoslódáil ábhar na n-uirlisí

Bain úsáid as na táib thíos chun pacáiste an mhúinteora, pacáiste an dalta, nó cur i láthair aonaid a aimsiú. 

An bhfuil teanga eile de dhíth ort? Úsáid an roghchlár anuas atá thíos faoin gcomhad.

Arbh fhearr leat cóip chlóite a bheith agat? Iarr ar chóip chlóite.

Thumbnail of Teacher's pack
Daonlathas an Aontais-Cuir do thuairim in iúl le huirlisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh-Pacáiste an Mhúinteora
Foilseacháin Ghinearálta
Front cover of student pack for illustrative purposes
Daonlathas an Aontais-Cuir do thuairim in iúl le huirlisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh-Pacáiste an Scoláire
Foilseacháin Ghinearálta
Daonlathas an Aontais-Cuir do thuairim in iúl le huirlisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh-Aonad 1
Cur i láthair
Daonlathas an Aontais-Cuir do thuairim in iúl le huirlisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh-Aonad 2
Foilseacháin Ghinearálta
Daonlathas an Aontais-Cuir do thuairim in iúl le huirlisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh-Aonad 3
Foilseacháin Ghinearálta
Daonlathas an Aontais-Cuir do thuairim in iúl le huirlisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh-Aonad 4
Foilseacháin Ghinearálta

An bhfuil aon aiseolas agat?

Ar bhain tú úsáid as na huirlisí cheana féin? Cuir do chuid aiseolais in iúl sa suirbhé do mhúinteoirí, le do thoil.

Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?