Is le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann https://register.eci.ec.europa.eu/organisers a bhaineann an ráiteas seo.
Níl feidhm aige maidir le hábhar nó suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon fhofhearann eile dá chuid. Beidh a ráiteas inrochtaineachta sonrach féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag an ábhar atá orthu.
Is í an Ardrúnaíocht a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, daoine faoi mhíchumas ina measc.
Ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
- zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb
- nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
- nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán)
Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, mar atá EN 301 549, v.3.2.1. Tá sé sin ag teacht go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG), leagan 2.1.
Stádas comhlíontachta
Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.
Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 10 Meitheamh 2025.
Ullmhúchán an ráitis seo
Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo an 10 Meitheamh 2025.
Tá an ráiteas bunaithe ar sheiceáil bhunúsach a rinne saineolaí inrochtaineachta ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.
Aiseolas
Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht na haipe gréasáin ‘Cuntas d’Eagraithe Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh’. Cuir in iúl dúinn é má aimsíonn tú baic ar an inrochtaineacht:
- Ríomhphost: SG-ECI-MAILING
ec [dot] europa [dot] eu (SG-ECI-MAILING[at]ec[dot]europa[dot]eu)
Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn den Choimisiún atá freagrach an fiosrúchán.
Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta
Tá an aip ghréasáin ‘Cuntas d’Eagraithe Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh’ deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta seo a leanas is mó a úsáidtear:
- an leagan is déanaí de na brabhsálaithe Google Chrome, Mozilla Firefox agus Apple Safari;
- in éineacht leis na leaganacha is déanaí de JAWS, NVDA agus VoiceOver.
Sonraíochtaí teicniúla
Braitheann inrochtaineacht na haipe gréasáin ‘Cuntas d’Eagraithe Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh’ ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an meascán ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:
- HTML
- WAI-ARIA
- CSS
- JavaScript
Ábhar neamh-inrochtana
In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun inrochtaineacht na haipe gréasáin ‘Cuntas d’Eagraithe Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh’ a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na teorainneacha atá ar eolas agus ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach liostaítear thíos.
Teorainneacha aitheanta agus réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh feabhsuithe ar an aip ghréasáin ‘Cuntas d’Eagraithe Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh’:
- An nasc scipeála comhsheasmhach in easnamh agus infheictheacht an naisc scipeála
- Is gá tuilleadh feabhsuithe codarsnachta datha a dhéanamh ar roinnt ábhar
- Is gá tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar shainchomharthaí
- Is gá tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar ordlathas ceannteideal
- Ba cheart roinnt lipéad a bheith cóngarach dá réimsí foirme comhfhreagracha
- Is gá tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar idirghníomhaíocht leis an méarchlár
- Tá roinnt cur síos fuaime ar iarraidh agus is gá tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar an seinnteoir meán
- Tá roinnt doiciméad i bhformáid PDF agus is gá feabhsuithe beaga a dhéanamh orthu
