Arbh eol duit gurb é ceann de na cearta atá agat mar shaoránach den Aontas Eorpach páirt a ghlacadh i dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ? Féadfaidh tú tacú le tionscnaimh atá ar siúl faoi láthair nó tús a chur le tionscnaimh nua. Cuidíonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh na cúiseanna is cás le saoránaigh an Aontais a thabhairt go dtí leibhéal an Aontas, plé a spreagadh, feasacht a ardú agus athrú beartais a spreagadh san Aontas.
Faigh eolas faoin gcaoi ar féidir le huirlis uathúil seo an daonlathais rannpháirtíochta cabhrú leat do thuairim a nochtadh san Aontas agus na cásanna atá tábhachtach duit a chur chun cinn. Glac páirt sa seimineár gréasáin.
Roinnfidh eagraithe tionscnamh a scéalta agus a dtaithí maidir le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a reáchtáil agus freagróidh siad do cheisteanna. Míneoidh saineolaithe ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh na príomhchéimeanna a bhaineann le tionscnamh chomh maith leis an tacaíocht atá ar fáil d’eagraithe.
Dé Máirt, an 3 Bealtaine 2022, 18.00 – 19.30 Am Lár na hEorpa (i mBéarla amháin)
Cláraigh: https://ecconf.webex.com/ecconf/j.php?RGID=r3a351e388cef7ad52509345a26449bed