Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An 11ú tionscnamh bailí dar teideal ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ curtha faoi bhráid an Choimisiú

  • Fógra nuachta
  • 4 Márta 2025
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
An image of a badge with "1M" in it

Fuair an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ 1,269,351 ráiteas tacaíochta bailíochtaithe ó shaoránaigh an Aontais agus shroich sé an líon íosta in 8 dtír. Cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 4 Márta 2025, rud a fhágann gurb é an 11ú tionscnamh bailí é a bheidh le scrúdú ag an gCoimisiún. 

Iarrtar leis an tionscnamh go dtabharfaí aird ar leith i mbeartas comhtháthaithe an Aontais ar réigiúin a bhfuil saintréithe acu atá éagsúil le saintréithe na réigiún máguaird.

Tá go dtí an 4 Meán Fómhair 2025 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a thíolacadh lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh, más ann dóibh. Buailfidh an Coimisiún leis na heagraithe chun an tionscnamh a phlé go mion sna seachtainí amach romhainn. Eagróidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí ina dhiaidh sin.

Foinsí

Sonraí

Dáta foilsithe
4 Márta 2025
Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?