
An 8 Iúil chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Is Ceart Daonna do Chách é an Cheart chun Bia! Córais bhia atá sláintiúil, cóir agus inbhuanaithe a ráthú’.
Leis an tionscnamh, iarrtar ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh nó a leasú i réimsí éagsúla, d’fhonn ‘an ceart chun bia a fhíorú’ agus é a chomhtháthú i gcreat dlíthiúil an Aontais a bhfuil tionchar aige ar an gceart chun bia.
Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh chun bailiúchán na sínithe a oscailt.
Foinsí
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 8 Iúil 2025
