Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

Policy updates
  • 23/12/2020
Síneadh ama curtha ag an gCoimisiún le tionscnaimh ó na saoránaigh mar gheall ar phaindéim COVID-19

De dheasca na ndúshlán atá cruthaithe ag paindéim COVID-19, ghlac an Coimisiún cinneadh an 17 Nollaig síneadh trí mhí a chur leis na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a raibh ráitis tacaíochta á mbailiú acu an 1 Samhain 2020. Thug an Coimisiún fógra d’eagraithe na dtionscnamh lena mbaineann. Léigh téacs an chinnidh cur chun feidhme ón gCoimisiún.

Logo EuropeanCitizensInitiativeWeek
  • 25/11/2020
Seachtain an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

Bhí Seachtain an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar siúl ar líne ón 16 go dtí an 20 Samhain 2020. Ba í an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, Věra Jourová, a chuir tús oifigiúil leis an ócáid agus bhailigh an tseachtain le chéile ionadaithe ardleibhéil ó na hinstitiúidí Eorpacha, an tsochaí shibhialta agus eagraithe tionscnamh ó na saoránaigh. Má chaill tú amach ar an ócáid, tá taifead de na seisiúin aonair ar fáil anois.

Meeting with EC
  • 30/10/2020
Bhuail an Coimisiún Eorpach le heagraithe an tionscnaimh 'End the Cage Age'

Bhuail eagraithe an tionscnaimh 'End the Cage Age' leis an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht Věra Jourová agus leis an gCoimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia Stella Kyriakides.

Hearing in EP
  • 13/10/2020
Éisteacht phoiblí maidir leis an tionscnamh ‘Minority Safepack – aon mhilliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’

Reáchtálfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an gcúigiú tionscnamh rathúil de chuid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh dar teideal ‘Minority Safepack – aon mhilliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’ an 15 Deireadh Fómhair ó 9.00 go dtí 13.00. I ngeall ar shrianta COVID-19 atá ann faoi láthair, reáchtálfar an cruinniú ó chian le láithreacht fhisiceach theoranta sa seomra, ach déanfar é a shruthú ina iomláine ar líne don phobal.

 

Policy updates
  • 16/07/2020
COVID-19: rialacha nua glactha maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh

An 15 Iúil 2020 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta sealadacha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar chur chun feidhme an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh.

Tuilleadh eolais

Policy updates
  • 19/05/2020
COVID-19: Togra ón gCoimisiún maidir le teorainneacha ama le haghaidh na dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh

Inniu ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán lena gceadófar síneadh a chur leis na teorainneacha ama a bhaineann leis na céimeanna bailiúcháin, fíoraithe agus scrúdaithe is infheidhme maidir le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh.

I dtaca leis na céimeanna bailiúcháin go háirithe, moltar síneadh 6 mhí a chur leis an tréimhse 12 mhí atá ann cheana le haghaidh tionscnaimh a raibh sínithe á mbailiú acu an lá a d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur paindéim é COVID-19 (11 Márta 2020)

Beidh feidhm ag téacs deiridh an Rialacháin seo a luaithe a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?