Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

European Parliament
  • 20/01/2023
Public hearing on ‘Save Bees and Farmers’ ECI on 24 January 2023
Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

The European Parliament will hold a public hearing on the seventh successful European Citizens’ Initiative Save Bees and Farmers! Towards a bee-friendly agriculture for a healthy environment on 24 January from 2.30 to 6.30 p.m. The organisers will present the initiative's objectives and engage with Members of the European Parliament. European Commission's representatives will also participate.

The meeting is webstreamed.

New initiative registered
  • 12/01/2023
Tionscnamh nua cláraithe: ‘Airteagal 4 Cuirtear deireadh le céasadh agus le híde mhídhaonna ag teorainneacha an Aontais’

An 12 Eanáir 2023 chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Airteagal 4: Cuirtear deireadh le céasadh agus le híde mhídhaonna ag teorainneacha an Aontais’.

Iarrtar leis an tionscnamh ar chreat chun comhlíontacht a chinntiú i dtaca le foréigean agus íde mhídhaonna tháireach a thoirmeasc faoi mar a chumhdaítear in Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha maidir le beartais an Aontais a bhaineann le rialuithe teorann, tearmann agus imirce.

Is é seo an chéad tionscnamh a cláraíodh in 2023. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

Initiative reaches 1m
  • 12/01/2023
Obair leantach ar an gcéad tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘Right2Water’

Ón lá inniu ar aghaidh, is féidir le muintir na hEorpa a bheith muiníneach go gcomhlíonann caighdeán an uisce a ólann siad na caighdeáin is airde, de réir mar atá ceanglais nua ón Treoir Athbhreithnithe maidir le hUisce Óil ag teacht i réim ar fud an Aontais. Freagra atá san athbhreithniú sin ar an gcéad tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh riamh ar éirigh leis dar teideal ‘Right2Water’. Bhailigh an tionscnamh sin 1.6 milliún síniú chun tacú le rochtain ar uisce óil sábháilte a fheabhsú do gach duine san Eoraip.

Initiative submitted to the EC
  • 11/01/2023
An TES rathúil ‘Cuirtear deireadh le Teascadh Eití - Cuirtear deireadh leis an trádáil’ curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena scrúdú

Tá 1,119,996 ráiteas tacaíochta bailíochtaithe ó shaoránaigh an Aontais bainte amach ag ‘Cuirtear deireadh le Teascadh Eití - Cuirtear deireadh leis an trádáil’, agus tairseacha bainte amach aige i 15 thír. Cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh iad lena scrúdú an 11 Eanáir 2023. Tá sé anois ar an ochtú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) ar éirigh leis.

Iarrtar sa tionscnamh ar an gCoimisiún bearta dlíthiúla a mholadh chun deireadh a chur le trádáil eití siorcanna san Aontas, lena n-áirítear iompórtáil, easpórtáil, agus idirthuras eití mura bhfuil siad ceangailte le corp an ainmhí go nádúrtha.

Buailfidh an Coimisiún leis na heagraithe chun an tionscnamh a phlé go mion sna seachtainí amach romhainn. Eagróidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí ina dhiaidh sin. Tá go dtí an 11 Iúil 2023 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a thíolacadh lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh.

Flag of Germany
  • 03/01/2023
Féadfaidh saoránaigh na Gearmáine anois tacú le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ó 16 bliana d’aois

A bhuí le leasú ar na forálacha náisiúnta maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ar leasú é atá infheidhme ón 1 Eanáir 2023, féadfaidh saoránaigh na Gearmáine tacú le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ó 16 bliana d’aois.

Is í an Ghearmáin an séú tír a laghdaigh an aois faoi 18 mbliana d’aois chun tacú le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh.

Podcast
  • 19/12/2022
Éist leis an eipeasóid nua de phodchraoladh CitizenCentral!

Ar fáil anois:  an eipeasóid nua de phodchraoladh CitizenCentral, ina mbeidh eagraithe na dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, saineolaithe agus cainteoirí eile le cloisteáil.

I gcaibidil 3, bí linn i gcomhrá le triúr eagraithe de thionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh ón Ísiltír, ón bhFrainc agus ón Danmhairg, agus iad ag cur na dtionscnamh seo a leanas i láthair: ‘Éadaí Maithe, Pá Cóir’, ‘An Bua ar Pháirc na hImeartha’ agus ‘Cuirimis stop le 5G – Fanaimis faoi Cheangal ach faoi Chosaint’.

Éist le CitizenCentral (i mBéarla amháin) atá ar fáil ar Apple PodcastsSpotifyGoogle Podcasts agus SoundCloud.
 

Meeting with EC
  • 25/11/2022
Buaileann an Coimisiún Eorpach le heagraithe an fheachtais ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí!’

An 25 Samhain, bhuail eagraithe an fheachtais ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’ le Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, agus le Stella Kyriakides, an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia, chun a gcuid smaointe a chur i láthair ar bhealach níos doimhne. 

New initiative registered
  • 22/11/2022
Tionscnamh nua cláraithe: ‘Lá Eorpach “Gach beart is gá a dhéanamh”’

An 22 Samhain 2022 chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Lá Eorpach “Gach beart is gá a dhéanamh”’.

Iarrtar leis an tionscnamh go ndéanfar Lá Eorpach “Gach beart is gá a dhéanamh” a institiúidiú mar ‘ghníomh siombalach den uile-Eorpachas’ mar thagairt don ráiteas a rinne iar-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Mario Draghi, an 26 Iúil 2012.

Is é seo an deichiú tionscnamh a cláraíodh in 2022. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

Judicial updates-court cases
  • 09/11/2022
Breithiúnas ón gCúirt maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún mar fhreagra ar an tionscnamh ó na saoránaigh ‘Minority SafePack’ (Cás T-158/21)

An 9 Samhain, dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta an teachtaireacht ón gCoimisiún inar luadh nach raibh gá le tuilleadh reachtaíochta ag an gcéim sin chun na cuspóirí a bhaint amach atá á lorg ag an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Minority SafePack – aon mhilliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’. Dhiúltaigh sí do chaingean an iarratasóra (grúpa d’eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh) chun an chumarsáid sin a neamhniú.

Is é tuairim na Cúirtegur leor na gníomhaíochtaí atá déanta cheana féin ag an Aontas Eorpach chun béim a leagan ar thábhacht na dteangacha réigiúnacha nó mionlaigh agus chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn le cuspóirí an tionscnaimh sin a bhaint amach.

Measann an Chúirt gur chomhlíon an Coimisiún a oibleagáidí maidir le cúiseanna a lua maidir leis an gcumarsáid atá á conspóid. Dheimhnigh sí freisin nach ndearna an Coimisiún aon earráid shoiléir mheasúnaithe maidir leis an scrúdú ar thograí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh sin.

Logo VeganMeal
  • 18/10/2022
Tionscnamh nua cláraithe: ‘Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le haghaidh béilí veigeánacha’

An 18 Deireadh Fómhair 2022 chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le haghaidh béilí veigeánacha’.

Leis an tionscnamh, iarrtar ar an gCoimisiún togra dlí a chur i láthair lena gceanglaítear an rogha veigeánach a bheith ar fáil go sainráite i gcónaí sna spásanna príobháideacha agus poiblí san Eoraip ina ndíoltar bia agus deochanna.

Is é seo an 95ú tionscnamh a cláraíodh ó bhí 2012 ann. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?