Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An córas bailithe ar líne

Cuireann an Coimisiún Eorpach córas lárnach ar fáil d’eagraithe na dtionscnamh chun ráitis tacaíochta a bhailiú.

Áirítear an méid seo a leanas ar na buntáistí a bhaineann leis:

  • níl ach beagán ullmhúcháin le déanamh (réiteach lándéanta)
  • saor in aisce do na heagraithe
  • níl gá le ceadú (tá na caighdeáin theicniúla agus slándála á gcomhlíonadh ag an gcóras cheana – leis an gcóras a úsáid, níl le déanamh ach comhaontú a shíniú leis an gCoimisiún)
  • suiteáil ghasta (leis an gcóras a úsáid, ní gá ach an Coimisiún a chur ar an eolas 10 lá oibre sula dtosaíonn an bailiú, trí do chuntas d’eagraithe)
  • i dtíortha áirithe, féadfaidh sínitheoirí do thionscnaimh ríomh-shainaitheantas a úsáid don síniú
  • tá an córas iomlán inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas
  • is féidir an córas a úsáid freisin chun teagmháil a dhéanamh le sínitheoirí trí ríomhphost (ar mhaithe le cumarsáid leanúnach a dhéanamh leo faoin tionscnamh).
  • soláthar staitisticí in aghaidh an tionscnaimh dá lucht eagraithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an rannán atá ag Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh maidir le ‘Conas sínithe a bhailiú’.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?