An scéala is déanaí
Commission registers two new European citizens' initiatives
On 24 July the European Commission decided to register two European citizens' initiatives.
The ‘Stop Cruelty Stop Slaughter’ initiative calls for incentives for producing plant proteins, including plant-based milk and egg substitutes, as well as cultivated meat. The organisers also call for reducing the number of farm animals and progressively closing all animal farms.
The ‘Stop Fake Food: Origin on Label’ initiative calls for measures that ensure European consumers’ access to transparent information about the food they buy, as well as clear and explicit labelling of the origin for all products and for adherence to environmental, health and labour standards in the internal market.
These initiatives are the eighth and ninth registered in 2024. The organisers have now six months to open the signature collection.
Líon íosta nua sínithe bailí in aghaidh an Bhallstáit le haghaidh TESanna a clárófar ón 16 Iúil 2024 nó ina dhiaidh sin
Le tús théarma parlaiminteach Eorpach 2024-2029 an 16 Iúil 2024, tháinig Iarscríbhinn I athbhreithnithe a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i bhfeidhm. Leagtar amach ann líon íosta nua sínitheoirí in aghaidh an Bhallstáit (‘tairsí’). Tá na tairseacha sin nasctha le líon na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna). Toisc gur tháinig méadú ar líon na bhFeisirí ó 705 go 720 sa téarma nua, tháinig méadú ar na tairseacha freisin. Chun go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach scrúdú ar TES, ní mór dó milliún síniú bailí ar a laghad a bhailiú agus an líon íosta sínithe bailí sin a fháil i seacht mBallstát ar a laghad.
Tá feidhm ag na líon íosta nua sin maidir le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a chláróidh an Coimisiún an 16 Iúil 2024 nó ina dhiaidh sin. Níl feidhm ag an líon íosta nua maidir le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a cláraíodh roimh an 16 Iúil 2024. Tá feidhm fós ag na tairseacha a bhí ann roimhe i dtaca leis na tionscnaimh sin.
Dhá thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh cláraithe ag an gCoimisiún
An 19 Meitheamh chinn an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh a chlárú.
Leis an tionscnamh ‘Air-Quotas’, iarrtar go mbunófaí sásra cuóta carbóin na saoránach i ngach tír, rud a spreagfadh gnólachtaí chun dícharbónú a dhéanamh trí éileamh na dtomhaltóirí. Measann na heagraithe gur cheart gach ceannachán earraí agus seirbhísí a chumhdach leis an sásra nua sin, ag tosú le hearnáil an aeriompair.
Iarrtar leis an tionscnamh ‘Stop Destroying Videogames’ [Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh] go dtabharfaí isteach ceanglas d’fhoilsitheoirí físchluichí san Aontas na cluichí sin a fhágáil i staid fheidhmiúil (so-imeartha), ionas go gcuirfear cosc ar fhíschluichí a dhíchumasú go cianda.
Is iad na tionscnaimh sin an séú agus an seachtú tionscnamh a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe anois chun bailiúchán na sínithe a oscailt.
Féach na himeachtaí atá ar na bacáin a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Féadfaidh tú freisin féachaint ar liosta na n-imeachtaí a reáchtáladh cheana; tá taifeadtaí de chuid acu ar fáil.