Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An 10ú tionscnamh ar éirigh leis dar teideal ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena scrúdú

Logo FurFreeEurope

Tá 1,502,319 ráiteas tacaíochta bailíochtaithe ó shaoránaigh an Aontais bainte amach ag an tionscnamh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’. Is ionann an méid sin agus an líon is mó ráiteas tacaíochta bailíochtaithe a bailíodh riamh cheana. Baineadh an tairseach amach in 18 dtír. Is éard is brí leis sin gurb é an tionscnamh sin an 10ú tionscnamh ar éirigh leis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Cuireadh an tionscnamh isteach an 14 Meitheamh 2023.

Leis an tionscnamh iarrtar ar an gCoimisiún toirmeasc a thabhairt isteach ar fud an Aontais maidir le hainmhithe a choinneáil agus a mharú chun fionnadh a tháirgeadh, sin agus chun an toirmeasc céanna a thabhairt isteach i dtaca le fionnadh agus táirgí ina bhfuil fionnadh den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais.

Tá go dtí an 14 Nollaig 2023 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a thíolacadh lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh. Buailfidh an Coimisiún leis na heagraithe chun an tionscnamh a phlé go mion sna seachtainí amach romhainn. Eagróidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí ina dhiaidh sin.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?