Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

14 Márta 2023: Seimineár gréasáin Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ‘Sínithe a bhailiú ar líne – An t-eolas is gá a bheith agat faoin Lárchóras Bailithe Ar Líne’

IT developments

Sa seimineár gréasáin seo cuirfear eolas praiticiúil agus treoir phraiticiúil ar fáil d’eagraithe TES atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le sínithe a bhailiú ar líne do Thionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh, agus díreofar ar an Lárchóras Bailithe ar Líne.

Beidh saineolaí TF de chuid an Choimisiúin agus eagraí tionscnaimh rathúil ó na saoránaigh i láthair.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin seimineár gréasáin (a reáchtálfar trí mheán an Bhéarla amháin an 14 Márta), agus clárú lena aghaidh, ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?