Tá an tríú heagrán den tsraith nua podchraoltaí faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, CitizenCentral, díreach eisithe agus is féidir éisteacht leis ar Apple Podcasts, Spotify, Google Podcasts agus SoundCloud.
Déantar plé san eagrán seo ar ábhair chomhshaoil ar talamh agus ar muir, agus dírítear ar dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh atá ar siúl faoi láthair: ‘Stop Finning – Stop the Trade [Cuir deireadh le Teascadh Eití – Cuir deireadh leis an trádáil]’ agus ‘Green Garden Roof Tops [Gairdíní Glasa Dín]’. San eagrán seo freisin, cloisfidh tú ó ionadaí an tionscnaimh ‘Grow Scientific Progress: crops matter’ [Dul chun cinn san eolaíocht a chothú: an-tábhacht leis na barra] agus ó bhitheolaithe muirí.
